Lunchtime tours every Tuesday
February Lunch Tours theme – "What’s love got to do with it?"
Tá saorchead isteach ann agus maireann na cuairteanna thart ar 90 nóiméad. Tá na taispeántais ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh. Tá foinsí agus eispéiris shainoiriúnaithe ar fáil freisin le haghaidh scoileanna, teaghlaigh agus grúpaí.
Dé Luain | Dé Máirt − Dé hAoine | Dé Sathairn − Dé Domhnaigh |
---|---|---|
13.00 − 18.00 | 09.00 − 18.00 | 10.00 − 18.00 |
Bíonn an músaem dúnta: an 1 Eanáir /1 Bealtaine / 1 Samhain / 24, 25, 31 Nollaig.
Ní gá do chuairteoirí aonair ná do ghrúpaí ina bhfuil níos lú ná deichniúr áirithint a dhéanamh roimh ré chun cuairt a thabhairt ar an músaem. Is féidir leis na cuairteoirí dul tríd an ionad taispeántais ar a luas féin, agus is féidir leo leas a bhaint as treoracha ilmheán atá ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh.
Beidh ar ghrúpaí is mó ná deichniúr cuairt a chur in áirithe ar líne ar a laghad 2 sheachtain roimh ré, más rud é gur treoraí ilmheán atá uathu, nó 4 seachtaine roimh ré, más turas treoraithe atá uathu. Tá na treoracha ilmheán ar fáil i ngach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais Eorpaigh agus cuirtear turais threoraithe ar fáil i mBéarla, in Ollainnis, i bhFraincis agus i nGearmáinis.
I gcás grúpaí atá urraithe ag Feisirí, ní mór áirithint a dhéanamh roimh ré tríd an ardán thíos, chun socruithe taistil a phróiseáil i gceart.
Buantaispeántas
Sa bhuantaispeántas, tugtar na cuairteoirí trí stair na hEorpa, ó bhunús na hEorpa agus an chaoi ar athraigh sí le himeacht aimsire go dtí briseadh amach an chogaidh agus an tóir ar shaol níos fearr.
Oideachas agus foghlaim
Trí cheardlanna agus acmhainní foghlama, is féidir le daltaí luí isteach ar stair na hEorpa agus an oidhreacht ón stair sin atá le sonrú i saol an lae inniu.
Teaghlaigh
Gníomhaíochtaí agus imeachtaí praiticiúla chun rannpháirtíocht a spreagadh i measc cuairteoirí, is cuma cén aois iad, agus deis a thabhairt do theaghlaigh cur amach a fháil ar stair na hEorpa in éineacht.
Is in Parc Léopold, i gcroílár an cheantair Eorpaigh, gar do Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil, atá Áras Stair na hEorpa suite. Tá an pháirc 25 acra suite san áit a mbíodh Gairdín Ríoga na nAinmhithe agus osclaíodh í don phobal in 1880. Tá loch álainn ann le lear mór fiadhúlra, mar aon le limistéar picnicí agus suíochán faoin aer. Rinneadh athchóiriú cúramach ar an bhfoirgneamh féin, de réir a bhunúis sna 1930idí, nuair a bhí clinic fiaclóireachta do pháistí faoi mhíbhuntáiste ann. Ná lig tharat na pictiúir ar stíl art deco, a athchóiríodh go cúramach, agus atá bunaithe ar scéalta leis an údar Francach, Jean de La Fontaine.
Is músaem do gach duine é Áras Stair na hEorpa. Tá ár gcuid saoráidí agus ár ngníomhaíochtaí ar fad inrochtana ag daoine faoi mhíchumas. Is gné ríthábhachtach de chuid gníomhaíochtaí an mhúsaeim é an obair a dhéanann siad in éineacht le grúpaí agus pobail éagsúla. An aidhm atá againn ná teagmháil a dhéanamh le daoine iontacha ó chian agus ó chóngar trí shainchuairteanna agus trí chláir ar leith. Ná bíodh aon drogall ort d’iarrataí sonracha a sheoladh chugainn agus déanfaimid ár ndícheall rochtain ar an músaem a éascú duit. [email protected]
In Áras Stair na hEorpa, tá fáil ar tharraiceáin, áiseanna friothála ar leanaí, seomra feistis, siopa agus caifé (líon na suíochán:60) le réimse leathan deochanna agus sneaiceanna blasta.
Is tosaíochtaí iad slándáil agus sábháilteacht do Pharlaimint na hEorpa. Chuige sin, tá roinnt beart slándála i bhfeidhm inár bhfoirgnimh agus timpeall orthu. Chun a áirithiú go mbeidh cuairt shábháilte ag cách, iarrtar ort na bearta seo a léamh agus a chomhlíonadh:
An leagan is deireanaí: 10/2024
Rue Belliard / Belliardstraat 135
1000 An Bhruiséil
An Bheilg
Freastalaíonn stáisiún na Bruiséile-Lucsamburg ar Pharlaimint na hEorpa.