Coreper II
Is iad buanionadaithe na 27 mBallstát comhaltaí Coreper II. Obair ullmhúcháin a dhéanamh do Chomhairle an Aontais Eorpaigh i roinnt réimsí – mar shampla, gnóthaí eachtracha agus ceartas agus gnóthaí baile – ról Coreper II.
Ról
Déanann Coreper II obair ullmhúcháin don Chomhairle i gceithre phríomhréimse beartais a chomhfhreagraíonn d’fhoirmíochtaí na Comhairle.
Comhdhéanamh agus cruinnithe
Is iad buanionadaithe na 27 mBallstát comhaltaí Coreper II. Is é buanionadaí na tíre a bhfuil uachtaránacht Chomhairle an Aontais Eorpaigh aici a dhéanann cathaoirleacht ar na cruinnithe.
Ag cruinnithe Coreper II, déanfaidh na buanionadaithe ionadaíocht thar ceann a rialtas náisiúnta agus tig leo labhairt thar a gceann freisin.
Is iondúil go dtagann na buanionadaithe le cheile uair sa tseachtain, ar a laghad, i bhfoirgneamh na Comhairle sa Bhruiséil.
Meitheal Antici
Is meitheal trasearnála é ‘Meitheal Antici’ ina bhfuil na comhoibrithe is gaire do na buanionadaithe. Ullmhaíonn an grúpa sin cruinnithe Coreper I agus cuidíonn sé le teacht ar thuairim tosaigh maidir leis na seasaimh a ghlacfar ag Coreper.
Féach freisin
Cad é Coreper?
Coreper I
Ord agus eagar ar obair na Comhairle
An t-athbhreithniú deireanach: an 7 Iúil 2026