Bileoga eolais ar an Aontas Eorpach
Fáilte go suíomh gréasáin na mBileog Eolais. Tá na bileoga eolais ceaptha chun léargas simplí, beacht agus gonta ar institiúidí agus ar bheartais an Aontais Eorpaigh agus ar an ról atá ag an bParlaimint i bhforbairt na mbeartas sin a thabhairt do dhaoine nach speisialtóirí iad. Tá siad ar fáil i 24 theanga.
Tá na bileoga eolais roinnte ina gcúig mhír: 1) Conas a oibríonn an tAontas Eorpach; 2) Geilleagar, claochlú agus tionscal; 3) Beartais chomhtháthaithe, talmhaíochta agus shóisialta; 4) Saoránaigh: cearta bunúsacha, slándáil agus ceartas; 5) Caidreamh seachtrach AE.
Cruthaíodh na bileoga eolais i 1979 nuair a reáchtáladh chéad toghchán díreach na Parlaiminte. Scríobh saineolaithe ó Pharlaimint na hEorpa, a chuireann anailís agus comhairle beartais neamhspleách ar fáil do choistí agus toscaireachtaí parlaiminteacha, na bileoga eolais. Tabharfar na bileoga eolais cothrom le dáta go rialta i rith na bliana chun na cinntí forbairtí beartais agus is déanaí a áirithiú.
Forbairt stairiúil an Aontais; Conarthaí an Aontais Eorpaigh; córas dlí, nósanna imeachta cinnteoireachta, institiúidí agus comhlachtaí, agus maoiniú an Aontais.
Rialachas eacnamaíoch; an margadh inmheánach agus cosaint tomhaltóirí; cánachas; beartas tionsclaíoch agus taighde; fuinneamh agus an comhshaol; sláinte phoiblí agus sábháilteacht bia.
Forbairt agus comhtháthú réigiúnach; an talmhaíocht agus an t-iascach; iompar agus turasóireacht; gnóthaí fostaíochta agus sóisialta; beartas tithíochta.
Cearta agus saoirsí bunúsacha; An Chairt um Chearta Bunúsacha; ceartas agus gnóthaí baile; an comhionannas inscne; cultúr agus oideachas; achainíocha; gnóthaí dlíthiúla agus bunreachtúla.
Beartais eachtracha agus forbartha agus caidreamh trádála; cearta an duine agus an daonlathas a chur chun cinn; Méadú an Aontais, beartas comharsanachta agus caidreamh domhanda.
Is féidir breathnú ar na Bileoga Eolais de réir caibidle agus rannóige agus iad a íoslódáil nó iad a léamh ar líne. Is féidir gach Bileog Eolais a shábháil aisti féin.