Idirghrúpaí i bParlaimint na hEorpa

Is fóram iad na hidirghrúpaí le haghaigh malartú neamhfhoirmiúil tuairimí maidir le saincheisteanna sonracha, ar malartú é a mbeidh grúpaí éagsúla polaitiúla páirteach ann, agus chun teagmháil idir Feisirí agus an tsochaí shibhialta a dhéanamh. Tá na Feisirí i ngach idirghrúpa ó thrí ghrúpa pholaitiúla éagsúla ar a laghad.

Ní comhlachtaí oifigiúla na Parlaiminte iad idirghrúpaí, ach aithníonn an Pharlaimint iad. Bunaíodh iad le comhaontú idir cathaoirligh na ngrúpaí polaitiúla ag tús gach téarma reachtaigh.

Liosta na n-idirghrúpaí

Is é seo liosta na n-idirghrúpaí sa téarma reachtach reatha. Níor cheart idirghrúpaí a mheascadh le grúpálacha neamhoifigiúla ná le grúpaí cairdis, nach dtugadh aon aitheantas oifigiúil dóibh agus dá bhrí sin níor taispeánadh iad sa liosta seo.

Idirghrúpaí a rialáil

Déantar na hidirghrúpaí a rialáil le Riail 35 de Rialacha Nós Imeachta agus rialacha inmheánacha eile.

Ar mhaithe le trédhearcacht, ní fhéadfaidh ach ionadaithe leasmhara atá cláraithe sa Chlár Trédhearcachta a bheith rannpháirteach i ngníomhaíochtaí idirghrúpa arna n-eagrú ag an bParlaimint (freastal ar chruinnithe nó ar imeachtaí, tacaíocht a thabhairt dóibh nó iad a chomh-óstáil). Thairis sin, ní mór do gach idirghrúpa dearbhú bliantúil a fhoilsiú lena gcumhdaítear an tacaíocht uile a fhaightear in airgead tirim nó i gcomhchineál (tacaíocht airgeadais, tacaíocht foirne agus tacaíocht ábhartha).

Ina theannta sin, tá cosc ar idirghrúpaí:

  • ainmneacha nó lógónna na Parlaiminte nó na ngrúpaí polaitiúla a úsáid;
  • tuairim a chur in iúl thar ceann na Parlaiminte;
  • gníomhaíochtaí a dhéanamh a d''fhéadfadh a bheith ina gcúis le mearbhall i dtaca le gníomhaíochtaí oifigiúla na Parlaiminte nó a cuid comhlachtaí;
  • gníomhaíochtaí a dhéanamh a d’fhéadfadh tionchar diúltach a bheith ann ar chaidreamh le hinstitiúidí AE nó tríú tíortha; agus
  • imeachtaí á reáchtáil i dtríú tíortha a tharlaíonn i gcomhthráth le misean de chomhlacht oifigiúil na Parlaiminte, lena n-áirítear breathnóireacht toghchán.

Tá na Caestóirí freagrach as maoirseacht ar idirghrúpaí.

Grúpálacha neamhoifigiúla

Tá na grúpálacha neamhoifigiúla cosúil leis na hidirghrúpaí ó thaobh raon feidhme agus cuspóra de, ach tugann siad aghaidh ar ábhair nach bhfuil cumhdaithe ag na hidirghrúpaí aitheanta. Níl aon bhonn dlí acu, agus ní aithníonn an Pharlaimint iad. Ní bhailíonn an Pharlaimint faisnéis maidir le grúpálacha neamhoifigiúla agus a mballraíocht.

Ní mór d’Fheisirí a fhaigheann tacaíocht sheachtrach i gcomhthéacs na grúpála neamhoifigiúla an tacaíocht sin a áireamh ina ndearbhú maidir le leasanna príobháideacha. Tá an fhaisnéis sin láraithe sa chlár poiblí thíos.

Rialaítear grúpálacha neamhoifigiúla le Riail 36 de na Rialacha Nós Imeachta. Tá siad faoi réir na srianta céanna ar a gcuid gníomhaíochtaí agus atá idirghrúpaí. Ina theannta sin, ní fhéadfaidh grúpálacha neamhoifigiúla a bhaineann le tríú tíortha atá cumhdaithe ag toscaireacht de chuid na Parlaiminte úsáid a bhaint as saoráidí na Parlaiminte (seomraí cruinnithe, ateangaireacht, etc.).

Clár na ngrúpálacha neamhoifigiúla lena ndearbhaítear tacaíocht a fuarthas