Cén dul chun cinn atá déanta ag AE ó thaobh athrú aeráide? (grafaicí faisnéise)

Tá spriocanna uaillmhianacha agus coincréiteacha ag AE chun an líon astaíochtaí gás ceaptha teasa atá aige a laghdú. Foghlaim faoin dul chun cinn atá déanta ina thaobh.

Is tosaíocht don Aontas Eorpach é athrú aeráide a chomhrac. Tá sraith spriocanna intomhaiste curtha i bhfeidhm aige, chomh maith le roinnt bearta, chun astaíochtaí gás ceaptha teasa a laghdú. Cén dul chun cinn atá déanta go dtí seo?


Dul chun cinn AE i dtreo a spriocanna aeráide

Grafaic eolais ina thaispeántar sonraí, réamh-mheastacháin agus spriocanna maidir le hastaíochtaí gás ceaptha teasa in AE ó 1990 go 2050.
Grafaic eolais ina thaispeántar astaíochtaí gás ceaptha teasa san Aontas Eorpach ó 1990 go 2050

Tá sé mar aidhm ag an Aontas astaíochtaí a laghdú 55% faoi 2030 i gcomparáid le leibhéil 1990 agus neodracht aeráide a bhaint amach faoin mbliain 2050.


Tá na spriocanna seo ina gceangal de réir dlí ó glacadh dlí aeráide AE in 2021 mar chuid den Chomhaontú Glas don Eoraip.

Tá líon na n-astaíochtaí ag laghdú go leanúnach ó 1990 go 2023. Meastar go raibh astaíochtaí AE 37% níos ísle in 2023 ná mar a bhí siad in sa bhliain 1990, tar éis laghdú suntasach de 8% teacht ar astaíochtaí i gcomparáid le 2022.

Is é seo an laghdú is mó bliain ar bhliain ar astaíochtaí le blianta anuas, seachas an laghdú a tharla mar gheall ar an bpaindéim COVID-19 in 2020. Rinneadh an dul chun cinn seo a bhuí le laghdú in úsáid guail agus an méadú a tháinig ar fhoinsí fuinnimh inathnuaite, arna tacú ag tomhaltas laghdaithe ar fhuinneamh ar fud na hEorpa.

Dul chun cinn in earnálacha an fhuinnimh agus na tionsclaíochta

 

Cuireadh an scéim maidir le trádáil astaíochtaí (ETS) ar bun chun astaíochtaí carbóin in earnáil na tionsclaíochta a laghdú. (Cuimsítear thart ar 40% d'astaíochtaí gas ceaptha teasa an Aontais leis.) Leis an scéim seo déantar méid na ngás ceaptha teasa is féidir le gach tionscal, táirgeoir cumhachta agus aerlíne a shrianadh.

Sa tréimhse 2005-2023, tháinig laghdú de 47% ar astaíochtaí ó stáisiúin chumhachta agus monarchana a chuimsítear le córas trádála astaíochtaí an Aontais. Is laghduithe móra sna hearnálacha a sholáthraíonn fuinneamh is cúis leis seo, áit a bhfuil leath na n-astaíochtaí á gcur amach i gcomparáid le leibhéil 2005, agus earnáil na tionsclaíochta, áit ar tháinig laghdú ar níos mó ná trian ar astaíochtaí. Tá sé d'aidhm ag an gCóras Trádála Astaíochtaí laghdú 62% a dhéanamh ar astaíochtaí faoin mbliain 2030 i gcomparáid le leibhéal 2005.

Treochtaí astaíochtaí de réir thíortha an Aontais

 

Faoin Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill, leag tíortha AE spriocanna náisiúnta maidir le laghdú astaíochtaí amach chun astaíochtaí a dtagann ó earnálacha eile a laghdú (foirgnimh, talmhaíocht, tionscal beag agus dramhaíl, chomh maith le hiompar intíre, ach seachas eitlíocht).


Tá laghdú faoi leith tagtha ar astaíochtaí in earnáil na bhfoirgneamh (sa bhliain 2023, bhí laghdú de níos mó ná 30% ar astaíochtaí i gcomparáid le 2005). Tá dul chun cinn níos moille sna hearnálacha talmhaíochta agus iompair.

Faoin mbliain 2030, ní mór do thíortha AE laghdú d'idir 10% agus 50% a dhéanamh ar a n-astaíochtaí gás ceaptha teasa i gcomparáid le 2005 sna hearnálacha a chlúdaítear sa Rialachán maidir le Comhroinnt Díchill. Cuirtear olltáirgeacht intíre in aghaidh an duine agus costéifeachtúlacht na mbeart san áireamh sna spriocanna náisiúnta a leagtar amach do gach tír. Ina theannta sin, beidh sé dhualgas ar thíortha an Aontais cinnte a dhéanamh nach sáraíonn siad a leithroinnt bhliantúil maidir le hastaíochtaí.

Tuilleadh grafaicí eolais maidir leis an athrú aeráide