Schengen: treoir do limistéar saorthaistil an Aontais Eorpaigh
Tá saorghluaiseacht daoine laistigh de limistéar Schengen ar cheann d'éachtaí móra lánpháirtiú na hEorpa. Tuilleadh eolais faoin limistéar san alt seo.
Cad is Schengen ann?
Tá limistéar Schengen ar cheann de cholúin an tionscadail Eorpaigh. Cuireadh tús leis in 1995, nuair a shínigh cúig thír Eorpacha comhaontú chun deireadh a chur de réir a chéile le rialuithe pasanna eatarthu. De réir mar a chuaigh níos mó tíortha isteach ann, leathnaigh agus d’éascaigh limistéar Schengen an tsaoirse gluaiseachta, rud a chiallaíonn gur féidir le hEorpaigh maireachtáil, staidéar, obair agus dul ar scor áit ar bith san Aontas. Baineann turasóirí agus gnólachtaí tairbhe as taisteal éasca freisin.
Baill Schengen
Tá gach tír san Aontas ina mbaill de Schengen seachas Éire, a bhfuil rogha déanta aici gan a bheith páirteach.
Ina theannta sin, tá ceithre thír neamh-AE ina mbaill de limistéar Schengen: an Íoslainn, an Iorua, an Eilvéis agus Lichtinstéin.
Cuspóir agus buntáistí
Bíonn na milliún duine ag trasnú theorann inmheánach de chuid AE gach lá. Impleacht de chuid na saorghluaiseachta seo an baol go mbíonn cearta éagsúla ag catagóirí éagsúla daoine, ó thurasóirí go teaghlaigh.
Is féidir le gach saoránach AE tréimhse thrí mhí a chaitheamh i dtír eile san Aontas gan leabhar pas bailí nó chárta aitheantais acu. Ina theannta sin, is féidir leo bheith ina gcónaí i dtír eile de chuid an Aontais eile don obair, leis an cheart acu go gcaitear leo sa tslí céanna is a chaitear le saoránaigh náisiúnta na tíre sin. Is mó an buntáiste d'fhiontraithe é an tsaoirse bunaíochta agus tá sé de cheart ag mic léinn staidéar a dhéanamh pé áit ar mian leo laistigh d'AE.
Bheadh ardchostais ag baint le dúnadh theorainneacha inmheánacha AE agus cruthófaí deacrachtaí don 1.7 milliún duine a bhaineann leis as comaitéireacht trasteorann.
An tslándáil a áirithiú
Le rialacha Schengen, cuirtear deireadh le rialuithe ag teorainneacha inmheánacha, agus ag an am céanna déantar comhchuibhiú agus neartú ar an gcosaint do theorainneacha seachtracha an limistéir. Agus iad laistigh de limistéar Schengen, is féidir le daoine taisteal ó thír amháin go tír eile gan bheith faoi réir ag seiceálacha teorann. Féadfaidh údaráis náisiúnta daoine a sheiceáil ag teorainneacha inmheánacha, nó i ngar dóibh, áfach, más rud é go n-éilítear, bunaithe ar fhaisnéis agus ar thaithí na bpóilíní, go gcuirfí dlús leis an bhfaireachas go sealadach.
Le Schengen, áirítear freisin comhbheartas víosaí do ghearrfhanachtaí ag saoránaigh nach saoránaigh den Aontas iad agus cuidíonn Schengen leis na tíortha rannpháirteacha teacht le chéile sa chomhrac i gcoinne na coireachta le cúnamh ó chomhar póilíneachta agus comhar breithiúnach.
Ó bunaíodh é in 1995, tá Córas Faisnéise Schengen tagtha chun cinn mar an mbunachar is mó do chomhroinnt sonraí chun slándáil agus bainistiú teorainneacha a chinntiú san Eoraip. Leis an mbunachar seo, cuirtear faisnéis ar fáil maidir le daoine a bhfuiltear sa tóir orthu agus daoine atá ar iarraidh, chomh maith le saoránaigh neamh-AE agus uirlisí atá imithe ar strae nó ar goideadh iad.
Tá uasdátú déanta ar an gcóras seo thar na blianta chun feidhmiúlacht sa bhreis a thabhairt dó. Neartaíodh an córas i mí an Mhárta 2023 le cumas feabhsaithe chomhroinnt sonraí, cineálacha nua sonraí bithmhéadracha agus rochtain do ghníomhaireachtaí AE amhail Europol, i measc gnéithe eile, chun slándáil níos fearr a thabhairt do dhaoine Eorpacha.
Teorainneacha seachtracha agus inmheánacha
Srianta ar shaorghluaiseacht taobh istigh de limistéar Schengen
Faoi rialacha Schengen, tugtar rialuithe isteach arís ag teorainneacha inmheánacha mar fheagairt ar ghéarchéimeanna. Tá leas bainte ag tíortha áirithe AE as an bhfóráil seo ar bhonn slándála, nó chun dul i ngleic le sreafaí imirce agus ráig COVID-19 in 2020.
Tá cáineadh déanta ag an bParlaimint ar na seiceálacha ag teorainneacha inmheánacha in Schengen arís agus arís eile - ag rá go gcuireann siad srian ar shaorghluaiseacht agus nár chóir leas a bhaint astu ach amháin nuair nach bhfuil an dara rogha ann. I rún maidir le gníomhaíochtaí chomhordaithe AE dul i ngleic le paindéim COVID-19 arna glacadh in Aibreán 2020, cuireadh iachall ar bhallstáit bearta riachtanacha amháin a chur i bhfeidhm agus leathnú amach á dhéanamh acu ar sheiceálacha ag teorainneacha inmheánacha. Leagadh béim ar limistéar Schengen a chothú a fheidhmíonn mar is cóir.
Rinne AE uasdátú ar Chód Teorainneacha Schengen i mí Aibreán 2024 chun cead a thabhairt do thíortha rialuithe sealadacha ag teorainneacha a thabhairt isteach arís ar feadh suas le dhá bhliain mar fheagairt ar bhagairtí díobhálacha amhail sceimhlitheoireacht nó imirce neamhdhleathach ar mórscála. Ina theannta sin, tá cead ag ag gCoimisiún Eorpach smachtaí a chur i bhfeidhm suas le sé mhí le linn éigeandálaí sláinte poiblí.
Cuireann na leasuithe seo comhoibriú ag teorainneacha chun cinn i measc na bpóilíní agus cabhraíonn siad le tíortha AE inimircigh neamhrialta a aistriú le linn patróil chomhpháirteacha.
Teorainneacha seachtracha a chosaint
Tá teorainn sheachtrach dea-rialaithe AE ríthábhachtach chun limistéar Schengen saor ó sheiceálacha ag teorainneacha inmheánacha a chothabháil. Cabhraíonn sé le bagairtí a bhrath go luath, tacaíonn sé le trasnú dlíthiúil teorann, agus ceadaíonn sé saorghluaiseacht laistigh d'AE. Tá sé mar aidhm ag straitéis 2023-2027 an Aontais bainistiú teorann a neartú agus cearta an duine á n-urramú ag an am céanna.
Tá an fhreagracht as teorainneacha seachtracha a bhainistiú roinnte idir tíortha AE agus an tAontas é féin. Is gníomhaireacht AE í Frontex a oibríonn le húdaráis náisiúnta chun teorainneacha a chosaint agus coireacht thrasteorann a chomhrac. Déanann an ghníomhaireacht seo bainistíocht chomhtháite teorann na hEorpa a chomhordú agus tá sí ag cur fórsa de 10,000 ball foirne ar bun chun tacú le rialú teorann.
I mí Aibreáin 2023, rinne an AE athchóiriú ar a rialacha imirce freisin chun limistéar Schengen a dhéanamh níos athléimní i gcoinne géarchéimeanna sa todhchaí. Tá na hathruithe dírithe ar rialachas níos fearr ar rialuithe teorann sealadacha agus ar fheabhas a chur ar an gcaoi a ndéantar Schengen a mheas chun aon saincheisteanna i dtíortha AE a réiteach go tapa.
Dúshláin agus freagairtí AE
Dúshláin don Eoraip is iad imirce agus teorainneacha seachtracha a bhainistiú. Rinneadh teorainneacha seachtracha AE a thrasnú go neamhdhleathach 1.83 milliún uair sa bhliain 2015. Fiú tar éis don fhigiúr seo titim go 355,300 in 2023, déanann an tAontas Eorpach an-iarracht a theorainneacha seachtracha a neartú agus iarratais ar thearmann a phróiseáil ar bhealach níos éifeachtaí.
Tá dul chun cinn faoi leith déanta sa bhainistíocht ar theorainneacha de bharr na ndúshlán seo. Bunaíodh gníomhaireachtaí ar nós Chóras Faisnéise Schengen, an Córas Faisnéise Víosaí, an Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta (Frontex) agus córas clárúcháin "dul isteach-imeachta" ag teorainneacha seachtracha limistéir Schengen.
I rún arna glacadh i mí Iúil 2021, d'fhormheas an Pharlaimint a seasamh ar leasú ar an mbuiséad don Chiste Tearmainn, Imirce agus Comhtháthaithe (AMIF) do 2021-2027, le €9.88 billiún anois á lonnú orthu. Rachaidh an ciste seo chun tairbhe an comhbheartas maidir le tearmann, forbairt na himirce dleathaí i gcomhréir le riachtanais na mballstát, tacaíocht do lánphairtiú daoine ó thíortha an tríú domhan agus dul i gcoinne imirce neamhrialta. Cuirtear brú ar na ballstáit an dualgas a roinnt i measc a chéile caitheamh le teifigh agus iarrthóirí tearmainn i mbealach níos cothroime.
Tá nasc ag an gciste seo leis an gCiste Slándála Idirnáisiúnta (ISF) nua a théann i ngleic le bagairtí trasteorann, ar nós sceimhlitheoireacht, coireacht eagraithe agus cibearchoireacht. Thug an Pharlaimint a faomhadh don chiste i mí Iúil 2021 le buiséad €1.9 billiún aige.
Amach anseo, déanfar scagthástáil ar thaistealaithe nach gá dóibh víosa a bheith acu roimh dóibh AE a bhaint amach. Is leis an gCóras Eorpach um Fhaisnéis agus Údarú Taistil (ETIAS) a dhéanfar seo chun pionós a chur ar choirpigh, sceimhlitheoirí nó éinne eile a bhfuil riosca ag gabháil leo. Táthar ag ceapadh go mbeidh córas ETIAS ag feidhmiú faoi lár 2025.
Ina theannta sin, tá feisirí tar éis a gcuid tacaíochta a thabhairt don Ghníomhaireacht Eorpach um an nGarda Teorann agus Cósta, buanchór de 10,000 garda teorann, a bhunú faoi 2027 chun borradh a chur faoi slándáil na hEorpa.
Rinneadh an t-alt seo a fhoilsiú don chéad uair i mí an Mheithimh 2019 agus leasaíodh don uair dheireanach é in Eanáir 2025.