Comhbheartas Talmhaíochta an Aontais, an t-athchóiriú air agus a thodhchaí go hachomair
Ó thacaíocht a thabhairt d’fheirmeoirí go cosaint an chomhshaoil, clúdaíonn beartas feirmeoireachta an Aontais réimse ábhar. Foghlaim faoin gcaoi a maoinítear talmhaíocht an Aontais thíos.
Clár ábhair
- Cad é an Comhbheartas Talmhaíochta?
- Cad é an buiséad d’fhóirdheontais talmhaíochta an Aontais?
- Earnáil talmhaíochta an Aontais i bhfigiúirí
- Cén chaoi a bhfuil athchóiriú á dhéanamh ag AE ar a bheartas talmhaíochta?
- Cén chuma a bheidh ar bheartas talmhaíochta an Aontais tar éis 2028?
- Tuilleadh faoin talmhaíocht
Cad é an Comhbheartas Talmhaíochta?
Tacaíonn an tAontas leis an bhfeirmeoireacht tríd an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT). Ó tugadh isteach é in 1962, rinneadh roinnt athchóirithe air chun an talmhaíocht a dhéanamh níos cothroime d’fheirmeoirí agus níos inbhuanaithe.
Is é is aidhm don bheartas cabhrú le feirmeoirí slí bheatha chuibhiúil a bhaint amach, slándáil bia a chinntiú san Aontas agus ceantair thuaithe a choinneáil ar bun agus, ag an am céanna, rannchuidiú le dul i ngleic leis an athrú aeráide.
Tá earnáil na talmhaíochta ag brath ar an aimsir agus ar dhálaí aeráide, rud a fhágann go bhfuil sí níos leochailí i leith luaineachtaí praghsanna ná go leor earnálacha eile. Is earra riachtanach é bia ach tá ioncam feirmeoirí fós i bhfad níos ísle ná an t-ioncam sa chuid eile den gheilleagar.
Tacaíonn an Comhbheartas Talmhaíochta le feirmeoirí tríd an méid seo a leanas a dhéanamh:
- tacaíocht ioncaim dhíreach (ar a dtugtar íocaíochtaí díreacha) lena n-áirithítear cobhsaíocht ioncaim agus lena dtugtar luach saothair d’fheirmeoirí as aire a thabhairt don tuath agus don chomhshaol;
- bearta margaidh lena gcosnaítear earnáil talmhaíochta an Aontais ar ghéarchéimeanna margaidh;
- bearta forbartha tuaithe chun aghaidh a thabhairt ar na riachtanais shonracha agus ar na dúshláin shonracha atá roimh cheantair thuaithe.
Mairfidh an Comhbheartas Talmhaíochta reatha ó 2023 go 2027.
Cad é an buiséad d’fhóirdheontais talmhaíochta an Aontais?
Is trí bhuiséad an Aontais a mhaoinítear an Comhbheartas Talmhaíochta. Faoi bhuiséad fadtéarmach 2021-2027, tá €386.6 billiún curtha ar leataobh don fheirmeoireacht. Tá dhá chuid i gceist leis:
- €291.1 billiún don Chiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta (CERT), a chuireann taca ioncaim ar fáil d’fheirmeoirí
- €95.5 billiún le haghaidh an Chiste Eorpaigh Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe (CETFT), lena n-áirítear maoiniú do cheantair thuaithe, gníomhú ar son na haeráide agus bainistiú acmhainní nádúrtha.
Is iad tíortha an Aontais a bhainistíonn na híocaíochtaí ar an leibhéal náisiúnta.
Earnáil talmhaíochta an Aontais i bhfigiúirí
Tá thart ar 9 milliún feirm san Aontas agus cuireann earnáil na feirmeoireachta 8.7 milliún post ar fáil san Aontas.
Is ionann barra (lena n-áirítear glasraí, plandaí gairneoireachta, gránaigh agus torthaí i measc nithe eile) agus leath d’aschur feirme iomlán an Aontais, agus is ionann táirgí ainmhithe (bainne, feoil agus uibheacha den chuid is mó) agus thart ar 40%.
In 2022, úsáideadh dhá thrian (67%) de chistiú talmhaíochta an Aontais chun tacaíocht ioncaim a dhíriú ar fheirmeoirí, agus chuaigh 28% díobh isteach i gceantair thuaithe i mbéal forbartha.
Cén chaoi a bhfuil athchóiriú á dhéanamh ag AE ar a bheartas talmhaíochta?
Mar fhreagairt ar agóidí forleathana feirmeoirí in áiteanna éagsúla san Eoraip, thíolaic an Coimisiún Eorpach togra i mí an Mhárta 2024 chun na rialacha lena dtreoraítear an Comhbheartas Talmhaíochta a leasú.
Rinne feirmeoirí gearán faoi ioncam íseal, dáileoirí agus miondíoltóirí cumhachtacha a fhorchuireann coinníollacha éagóracha gnó orthu, agus allmhairí saora ón Úcráin agus ó thíortha eile ag sladghearradh a bpraghsanna. Dúirt siad freisin go bhfuil nasc idir íocaíochtaí díreacha a fháil agus an iomarca foirmiúlachtaí riaracháin agus coinníollacha cosanta comhshaoil.
Leis an gcéad phacáiste simplithe de bheartas talmhaíochta an Aontais, a glacadh i mí Iúil 2024, laghdaíodh cuid de na ceanglais maidir le cosaint an chomhshaoil agus cuireadh deireadh le rialuithe agus pionóis d’fheirmeacha beaga.
Mhol an Coimisiún sraith eile rialacha i mí na Bealtaine 2025 arb é is aidhm dóibh an t-ualach ar fheirmeoirí a mhaolú. Áirítear leis sin:
- níos mó solúbthachta maidir le ceanglais chomhshaoil,
- íocaíochtaí simplithe d’fheirmeacha beaga agus meánmhéide,
- níos lú maorlathais d’fheirmeacha orgánacha,
- nósanna imeachta níos simplí chun tacú le feirmeacha a ndéanann an t-athrú aeráide agus adhaimsir difear dóibh, agus
- níos lú maorlathais do na húdaráis náisiúnta.
Vótálfaidh Parlaimint na hEorpa ar an togra i bhfómhar 2025.
Ghlac an Pharlaimint a seasamh maidir leis an togra ón gCoimisiún i mí Dheireadh Fómhair 2025 agus tá sí réidh le tús a chur leis an gcaibidlíocht leis an gComhairle maidir le cruth deiridh an phacáiste reachtaigh.
I mí Dheireadh Fómhair 2025 freisin, thacaigh feisirí le sraith athruithe spriocdhírithe arb é is aidhm dóibh seasamh na bhfeirmeoirí i slabhra an tsoláthair bia a threisiú. Áirítear ar na bearta sin:
- conarthaí éigeantacha i scríbhinn le haghaidh seachadtaí táirgí talmhaíochta
- rialacha níos soiléire maidir le táirgí a lipéadú mar tháirgí atá ‘cothrom’ nó ‘cothrom’
- ceanglais níos déine maidir lehlotnaidicídí i mbia allmhairithe
- tosaíocht a thabhairt do tháirgí an Aontais i nósanna imeachta soláthair phoiblí
- sainmhínithe níos déine ar tháirgí feola.
Cén chuma a bheidh ar bheartas talmhaíochta an Aontais tar éis 2028?
Nuair a thiocfaidh deireadh le buiséad fadtéarmach reatha an Aontais ag deireadh 2027, ní mór na rialacha lena rialaítear beartas talmhaíochta an Aontais a choigeartú don téarma buiséid nua ag tosú in 2028.
I mí Iúil 2025, d’fhoilsigh an Coimisiún Eorpach a thogra maidir le todhchaí an bheartais talmhaíochta. Beartaítear leis go ndéanfaí an earnáil a chistiú trí chistí comhpháirtíochta náisiúnta agus réigiúnacha mar aon le réimsí tosaíochta eile amhail forbairt réigiúnach, iascach nó cumais slándála agus cosanta.
Dhéanfaí na rialacha a shimpliú go mór agus d’fhágfaí go leor cinntí maidir leis an méid ba cheart a chistiú faoi thíortha an Aontais agus faoi na húdaráis réigiúnacha. Dhéanfaí cuid den mhaoiniú atá ar fáil a dheighilt óna chéile ionas nach n-úsáidfí é ach amháin le haghaidh tacaíocht ioncaim d’fheirmeoirí.
Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh maidir le todhchaí bheartas talmhaíochta an Aontais an 10 Meán Fómhair 2025. Cuireann feisirí i gcoinne an togra chun maoiniú talmhaíochta a chomhcheangal le réimsí beartais eile agus ina ionad sin teastaíonn buiséad talmhaíochta neamhspleách méadaithe uathu. Is mian leo go ráthófaí tacaíocht ioncaim dhíreach do gach feirmeoir gníomhach gairmiúil agus go laghdófaí an t-ualach riaracháin.