Neartaíonn an Pharlaimint an t-ionracas, an neamhspleáchas agus an chuntasacht

Le cúpla mí anuas glacadh sraith d’athchóirithe fadréimseacha arb é is aidhm dóibh ionracas, neamhspleáchas agus cuntasacht a neartú, agus sainordú na bhfeisirí á chosaint ag an am céanna.

Tá sé mar aidhm leis na bearta sin an t-ionracas a threisiú agus lúba ar lár a dhúnadh chun an Institiúid agus a feisirí a chosaint ar iarrachtaí a dhéantar cur isteach ar obair na Parlaiminte.


Dúirt Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Roberta Metsola: ‘Leis na hathchóirithe atá curtha i bhfeidhm againn le roinnt míonna anuas, cuirtear le hionracas chórais na Parlaiminte, déantar an chinnteoireacht níos trédhearcaí agus neartaítear an Pharlaimint ina hiomláine. Is mian linn an mhuinín atá ag saoránaigh na hEorpa asainn a dhaingniú agus a athdhearbhú gur institiúid oscailte í Parlaimint na hEorpa.

Lúba ar lár a dhúnadh


Is de bharr cinniúintí a rinneadh ag na seisiúin iomlánacha i mí na Nollag 2022 agus mí Feabhra 2023 a bhfuil na bearta seo á gcur i bhfeidhm, ina raibh trédhearcacht agus freagracht sa bhreis á lorg ag feisirí. D'éiligh siad go mbeadh rialacha nua curtha i bhfeidhm ó thaobh na slándála de chun dul i ngleic le trasnaíocht eachtranach.

D’fhormheas Biúró na Parlaiminte, a dhéanann cinniúintí ó thaobh riaracháin, eagrúcháin agus baill foirne de, rialacha athbhreithnithe maidir le hiar-Fheisirí (beartas nua dorais imrothlaigh), rialacha nua maidir le rochtain ar an bParlaimint, agus oibleagáidí trédhearcachta ó thaobh rannpháirtíocht ionadaithe sainleasa in imeachtaí a reáchtáiltear in áitribh na Parlaiminte.

Rinne an Pharlaimint a comhar le húdaráis bhreithiúnacha náisiúnta agus le húdaráis náisiúnta um fhorfheidhmiú an dlí a threisiú freisin trí ghníomhú go tapa ar iarrataí ó údaráis náisiúnta, agus eile, ar dhíolúine pharlaiminteach a tharscaoileadh.

Rinne ceannairí na ngrúpaí soiléiriú ar na rialacha do dhíospóireachtaí práinne maidir le cearta an duine sa suí iomlánach chun an nós imeachta a chosaint ar thrasnaíocht mhíchuí. D’fhormheas na ceannairí grúpa i gComhdháil na nUachtarán treoirlínte freisin chun tacú le feisirí agus leis an bhfoireann ina gcaidreamh le hionadaithe ó thíortha neamh-AE (taidhleoirí agus ionadaithe stáit). Ar áitiú na Parlaiminte, bunaíodh comhlacht eitice neamhspleách de chuid an Aontais le rannpháirtíocht ocht n-institiúid agus comhlacht comhairleach de chuid an Aontais.

Ghlac an Pharlaimint athruithe ar rialacha nós imeachta na Parlaiminte i mí Mheán Fómhair 2023. Áirítear orthu sin: toirmeasc treisithe ar ghníomhaíochtaí uile na bhfeisirí arb éard a bheadh iontu brústocaireacht, níos mó trédhearcachta maidir le hionchuir ó ghníomhaithe seachtracha, pionóis níos déine as sáruithe ar an gCód Iompair, raon feidhme níos leithne de dhearbhuithe éigeantacha ó Fheisirí maidir le cruinnithe le tríú páirtithe, rialacha níos soiléire chun cabhrú le coinbhleachtaí leasa a sheachaint, sonraí méadaithe sna dearbhuithe maidir le leasanna príobháideacha ó chomhaltaí, agus dearbhuithe éigeantacha sócmhainní ag tús agus ag deireadh gach téarma oifige.


Tá rialacha níos láidre ann maidir le glacadh le bronntanais agus costais taistil agus chothaithe a dhearbhú do thríú páirtithe chomh maith le toirmeasc ar rannpháirtíocht le hiar-fheisirí sna sé mhí tar éis dóibh an Pharlaimint a fhágáil. Neartaíodh ról an Choiste Chomhairligh maidir leis an gCód Iompair freisin agus leathnaíodh a chomhdhéanamh.


Ghlac Biúró na Parlaiminte le rialacha inmheánacha nua i mí na Samhna 2023 maidir le sceithirí. Faoi na rialacha nua seo, is féidir le héinne atá ag obair sa Pharlaimint mírialtachtaí dáiríre a thuairisciú (go hanaithnid chomh maith). Is léir ó na rialacha cad is cóir do sceithirí a dhéanamh tar éis dóibh rud éigean a chur in iúl agus an t-eolas atá i ndán dóibh ina dhiaidh.

Ina theannta sin, ní mór anois do lucht bainistíochta Pharlaimint na hEorpa tabhair faoi chúrsaí oiliúna maidir le sceitheoireacht. Moltar do chúntóirí crediúnaithe an méid céanna a dhéanamh.

Tugadh isteach oiliúint shainordaitheach sceithireachta don fhoireann bhainistíochta, agus moltaí ann chun oiliúint a leathnú chuig cúntóirí creidiúnaithe.

Moltaí breise

Mhol an coiste speisialta um an trasnaíocht eachtrach ar na próisis dhaonlathacha uile san Aontas Eorpach, lena n-áirítear an bhréagaisnéis, bearta meántéarmacha agus fadtéarmacha eile. Pléadh agus glacadh na bearta sin le linn sheisiún iomlánach mhí Iúil 2023.

Faisnéis atá inrochtana go héasca

Cuireann suíomh gréasáin na Parlaiminte faisnéis láraithe, atá inrochtana go héasca, ar fáil anois a bhaineann le hionracas obair na Parlaiminte faoi tháb nua Trédhearcacht agus Eitic.

Dul chun cinn i mbeartais frithchiaptha

Thug an tUachtarán Metsola sainordú do na caestóirí oibriú ar thograí chun beartais frithchiaptha na Parlaiminte a threisiú. An 10 Iúil, chinn an Biúró seirbhís idirghabhála a bhunú agus thacaigh sé go polaitiúil le hoiliúint éigeantach a thabhairt isteach do na feisirí. D’aontaigh an Biúró freisin feabhas a chur ar nós imeachta reatha an Choiste Chomhairligh a dhéileálann le gearáin faoi chiapadh a bhaineann le feisirí. An 20 Samhain 2023, cuireadh bailchríoch ar an tseirbhís idirghabhála agus d'aontaigh an Biúró go gcuirfeadh siad tuairiscí amach maidir le cur i bhfeidhm na bearta nua seo dhá uair in aghaidh na mandáide.

Múscailt feasachta agus oiliúint

Chun cur chun feidhme cuí na n-athruithe uile a áirithiú, reáchtálann an Pharlaimint feachtais múscailte feasachta go rialta. Cuireann sé oiliúint thiomnaithe ar fáil don fhoireann agus do na feisirí maidir le ceanglais eitice, trédhearcachta agus cuntasachta.

Nuachóiriú ar mhodhanna oibre na Parlaiminte

Cuireadh tús le nuachóiriú níos leithne ar mhodhanna oibre Pharlaimint na hEorpa go luath in 2023, lena gcumhdaítear a gníomhaíochtaí reachtacha, buiséadacha, grinnscrúdaithe, iomlánacha agus seachtracha. Tar éis míonna plé, tháinig Comhdháil na nUachtarán ar chomhaontú maidir le pacáiste athchóirithe a scríobhadh faoi athruithe ar na Rialacha Nós Imeachta agus a tháinig i bhfeidhm an 16 Iúil 2024, ag tús an téarma pharlaimintigh nua.


Leis na hathchóirithe, simplítear an chaoi a sanntar tograí ón gCoimisiún do choistí, rud a fhágann gur féidir comhaid a sheoladh go díreach chuig coiste amháin nó chuig grúpa beag suas le trí cinn, rud a laghdaíonn díospóidí agus a fhágann gur féidir tús a chur leis an obair níos luaithe.


I gcás sainchomhaid fhadréimseacha nó chasta, féadfaidh an Pharlaimint coistí reachtacha sealadacha a bhunú anois, agus is féidir nósanna imeachta brostaithe a úsáid chun tosaíocht a thabhairt do chomhaid shonracha.


Is é is aidhm do rialacha níos soiléire maidir le coinbhleachtaí inniúlachta a réiteach moilleanna a eascraíonn as freagrachtaí forluiteacha a chosc, sreafaí oibre inmheánacha a chuíchóiriú agus grinnscrúdú laistigh de phróiseas daonlathach an Aontais a neartú.

Comhar idir Parlaimint na hEorpa agus an Coimisiún Eorpach

I mí Mheán Fómhair 2025, tháinig an Coimisiún Eorpach agus Parlaimint na hEorpa ar chomhaontú sealadach maidir le Creat-Chomhaontú athnuaite chun comhar, muinín, trédhearcacht agus idirphlé eatarthu a threisiú.


Cuireann an comhaontú leis na naoi bprionsabal pholaitiúla a chomhaontaigh Uachtarán na Parlaiminte Roberta Metsola agus Uachtarán an Choimisiúin Ursula von der Leyen i mí Dheireadh Fómhair 2024. Neartaíonn sé prionsabal na córa comhionainne sa Pharlaimint agus sa Chomhairle, soiléiríonn sé ról an Choimisiúin mar bhróicéir macánta, agus áirithíonn sé go bhfaigheann an Pharlaimint faisnéis iomlán thráthúil chun a dualgais reachtacha, bhuiséadacha agus ghrinnscrúdaithe a chomhlíonadh.


Tugtar isteach leis an dréacht freisin gealltanais níos daingne do Choimisinéirí freastal ar chruinnithe iomlánacha agus ar chruinnithe coiste nuair is gá agus páirt níos rialta a ghlacadh in obair pharlaiminteach níos leithne, agus tacú ag an am céanna le hiarrachtaí na Parlaiminte féin feabhas a chur ar fhreastal na bhfeisirí. Ní mór don Pharlaimint an comhaontú nuashonraithe a fhormheas agus ní mór d’uachtaráin an dá institiúid é a shíniú.