Duais Charlemagne don Óige 2026: aitheantas a fháil do do thionscadal

Tugann Duais Eorpach Charlemagne don Óige deis duit tacaíocht a fháil do do thionscadal AE faoi stiúir na hóige. Cuir iarratas isteach anois ar eagrán 2026.

Is é is aidhm do Dhuais Eorpach Charlemagne don Óige gairm a bhronnadh ar thionscadail atá á reáchtáil ag daoine óga lena gcothaítear an daonlathas, lena gcuirtear saoránacht ghníomhach chun cinn agus lena dtugtar pobail le chéile. Déantar ceiliúradh ann ar an obair chumhachtach a dhéanann daoine óga gach lá chun féiniúlacht Eorpach chomhroinnte a mhúnlú agus chun tionchar buan a imirt ar thodhchaí na hEorpa.

Conas iarratas a dhéanamh ar an duais

Má tá tú idir 16 agus 30 bliain d’aois, má tá cónaí ort san Aontas agus má reáchtálann tú tionscadal a dhéanann difear do do phobal nó níos faide i gcéin, is féidir leat iarratas a dhéanamh ar Dhuais Eorpach Charlemagne don Óige faoin 2 Feabhra ar 23:59 Am Lár na hEorpa. Is féidir leat tionscadal a chur isteach mar iarratasóir aonair nó thar ceann eagraíochta nó grúpa daoine óga.

An próiseas roghnúcháin

Déanfaidh giúiréithe náisiúnta meastóireacht ar na tionscadail uile a chuirfear isteach ar dtús, agus roghnóidh siad ainmniúchán amháin do gach tír. Tabharfar cuireadh d’ionadaithe na mbuaiteoirí náisiúnta uile chuig Aachen na Gearmáine an 12 Bealtaine, áit a bhfógrófar na trí thionscadal is fearr ar leibhéal an Aontais.


Roghnóidh giúiré Eorpach na tionscadail a bhuaigh an chéad, an dara agus an tríú duais as measc na 27 mbuaiteoir náisiúnta. Tabharfar deis do na buaiteoirí sin cuairt a thabhairt ar Pharlaimint na hEorpa sa Bhruiséil nó in Strasbourg, agus tairgfear tréimhse oiliúna Schuman d’ionadaí amháin ó na tionscadail sin.

Duais Eorpach Charlemagne don Óige

Bronnann Parlaimint na hEorpa agus Fondúireacht Dhuais Idirnáisiúnta Charlemagne Aachen Duais Eorpach Charlemagne don Óige gach bliain chun tacú le tionscadail spreagúla faoi stiúir na hóige a bhfuil gné láidir AE ag baint leo.


Is é €7,500 an chéad duais, €5,000 an dara duais agus €2,500 an tríú duais.


Tá 7,150 tionscadal san iomlán tar éis dul san iomaíocht don duais ó 2008.

Faigh tuilleadh eolais faoi na tionscadail ar na meáin shóisialta agus glac páirt sa chomhrá trí úsáid a bhaint as an haischlib #ECYP2026.