EU Inc.: cad é an 28ú córas?
Tá gá le rialacha simplí d’fhiontraithe AE chun a gcuideachtaí a fhás. Chuideodh formáid chuideachta ‘EU Inc.’ le gnóthaí agus iad ag tosú amach agus ag fás.
Tá gá le timpeallacht gnó fhlaithiúil agus shimplí chun gnó rathúil a thosú atá ábalta fás thar theorainneacha. Chun borradh a chur faoi iomaíochas agus rathúnas an Aontais, tá an tAontas i ndiaidh togra a chruthú do chreat rialacha amháin chun go mbeadh sé níos éasca gnólacht uile-Aontais a thosú agus a fhás. Ní thiocfadh an creat rialacha sin in áit rialacha náisiúnta na 27 mBallstát, ach chuirfeadh sé rogha eile níos simplí ina dteannta. Sin é an fáth go dtugtar an 28ú córas ar an smaoineamh freisin.
Cad is EU Inc. ann?
Is éard atá i gceist le coincheap EU Inc. ná formáid ghnó lán-dhigiteach ar féidir í a chur ar bun ar líne taobh istigh de 48 n-uair an chloig ar uaschostas €100, gan íoscheanglais chaipitil ar bith. Mar gheall go bhfuil sé deartha chun an próiseas a dhéanamh níos éasca agus gnó nuálach á thosú, bheadh gnólacht ar bith san Aontas in ann an fhormáid chuideachta faoi dhliteanas teoranta a roghnú agus í a chur ar bun i mBallstát ar bith. Ní mór go mbeadh ball amháin ar a laghad den bhord stiúrthóirí ina chónaí san Aontas Eorpach.
Infheistíocht agus tallann a mhealladh chuig an Aontas
Chun fostaithe atá ardcháilithe agus a bhfuil tallann acu a mhealladh agus a spreagadh, faoin bhformáid EU Inc., bheadh fiontraithe ábalta plean scair-rogha fostaithe a chur ar bun chun rath na cuideachta a roinnt leis na daoine atá ag obair ar a son. Bheadh sé níos éasca infheistíocht a dhéanamh sa chuideachta mar go bhféadfaí cineálacha éagsúla de scaireanna a bheadh cláraithe go digiteach a chur ar bun. Chun ligean d’fhiontraithe atosú go tapaidh i ndiaidh cliseadh gnó, bheadh rochtain ag gnólachtaí nuathionscanta nuálacha ar nósanna imeachta dócmhainneachta a bheadh tapaidh agus go hiomlán digiteach.
Cathain a chuirfear EU Inc. i gcrích?
Tar éis tuarascáil ó Pharlaimint na hEorpa i mí Eanáir 2026 ag iarraidh creat nua chun cabhrú le cuideachtaí nuálacha a fhás, chuir an Coimisiún Eorpach an togra síos i mí an Mhárta. Tá Parlaimint na hEorpa agus na Ballstáit ag obair ar an togra seo faoi láthair chun an bealach is fearr le cabhrú le fiontraithe an Aontais a aimsiú. Táthar ag súil go dtiocfaidh siad ar chomhaontú faoi fhoirm dheiridh na reachtaíochta faoi dheireadh na bliana 2026.