Search Options
Home Publication Explainers Statistics Payments Career Monetary Policy
Suggestions
Sort by

Conas a d’oibreodh an euro digiteach?

Samhlaigh go ndeachaigh tú chuig uathmheaisín bainc (ATM) agus gur thóg tú amach €100. Tagann laghdú €100 ar iarmhéid do chuntais bainc, ach tá €100 in airgead tirim agat i do ghlac anois agat chun íocaíochtaí a dhéanamh.

Bheadh an próiseas céanna i gceist leis an euro digiteach, ach in ionad an t-airgead i do chuntas bainc a thiontú ina airgead tirim, dhéanfaí é a thiontú ina euro digiteach.



Cathain a d’fhéadfaí an euro digiteach a úsáid?

Ceannacháin laethúla

Bíodh duine ag ceannach chaife na maidine nó ag íoc an fheighlí linbh, d’fhéadfá iad a íoc le do thiachóg euro dhigitigh. Bheadh an euro digiteach ar fáil d’aon íocaíochtaí leictreonacha i siopaí, ar líne nó ó dhuine go duine.

Íocaíochtaí idir cairde

D’fhéadfá íocaíochtaí díreacha a dhéanamh ó thiachóg go tiachóg ag baint úsáid as fón nó uaireadóir cliste, díreach cosúil le hairgead tirim a thabhairt ar ais do chara a thug airgead ar iasacht duit. Leis an euro digiteach, d’fhéadfadh sé sin oibriú ar líne nó as líne.

Ag taisteal thart timpeall na hEorpa

Agus cuairt á tabhairt ag duine ar thír eile sa limistéar euro, is gnách airgead tirim a thabhairt leat ionas gur féidir íocaíochtaí a dhéanamh agus táillí breise in aistarraingtí a sheachaint. Leis an euro digiteach, bheifeá in ann do chuid íocaíochtaí a dhéanamh saor in aisce áit ar bith sa limistéar euro.

Siopadóireacht ar líne

Bheadh an euro digiteach ar fáil i gcásanna nach mbeadh airgead tirim ar fáil, mar shampla nuair a bhítear ag siopadóireacht ar líne. Chuirfeadh an euro digiteach modh íocaíochta sábháilte agus éasca ar fáil le tacaíocht ó BCE, institiúid phoiblí.

Íocaíocht as líne

D’fhéadfá an euro digiteach a úsáid fiú gan nasc idirlín. D’fhanfadh íocaíochtaí as líne príobháideach, agus ní roinnfí sonraí ach idir tú féin agus an duine a bheadh á íoc agat – ar nós airgead tirim a úsáid.

Feidhmiúlachtaí breise

Íocaíochtaí athfhillteacha agus coinníollacha a dhéanamh

Téann cuid mhór dár gcaiteachas laethúil i dtreo íocaíochtaí rialta, amhail an cíos a íoc ag tús gach míosa nó íoc as cúram leanaí. Sin an fáth a n-éascódh an euro digiteach íocaíochtaí uathoibrithe do dhaoine ar mian leo an fheidhm sin a úsáid.

Tá tástáil déanta ag rannpháirtithe san ardán nuálaíochta maidir leis an euro digiteach ar íocaíochtaí coinníollacha, amhail “íoc ar sheachadadh”, “íoc as úsáid” nó íocaíochtaí bunaithe ar gharspriocanna. Le híocaíochtaí coinníollacha, ní thugtar an íocaíocht chun críche ach i gcás ina gcomhlíontar coinníollacha áirithe. Mar shampla, ní thugtar chun críche íocaíocht do bhéile le tabhairt leat ach amháin nuair a sheachadtar an béile.

Ní bheadh an euro digiteach ina airgead inríomhchláraithe go deo, áfach. Is airgead digiteach é airgead inríomhchláraithe a úsáidtear do chuspóir nó tréimhse theoranta, cosúil le dearbhán.

Os a choinne sin, beidh an euro digiteach neamhshrianta agus coinneoidh sé a luach i gcónaí – díreach cosúil le hairgead tirim. Nílimid ag iarraidh go gcuirfeadh an euro digiteach aon srian ar an áit, ar an uair ná ar cé leis a bhféadfadh daoine agus gnólachtaí é a úsáid.

Cé mhéad euro digiteach is féidir a bheith i mo thiachóg?

Chuirfí teorainn leis an méid euro digiteach a d’fhéadfadh a bheith ag duine nó ag gnólacht ina thiachóg euro dhigitigh. Chuideodh sé sin le heis-sreafaí iomarcacha taiscí ó bhainc a chosc, rud a chaomhnódh an chobhsaíocht airgeadais.

Bheadh úsáideoirí a dteastódh uathu níos mó ná an teorainn atá leagtha síos a íoc in ann é sin a dhéanamh trína dtiachóg dhigiteach a nascadh lena gcuntas bainc.

Gach leathanach sa rannóg seo