Ag cur in oiriúint don aois dhigiteach
Is ceart bunúsach é sonraí pearsanta a chosaint a chumhdaítear sa Chairt um Chearta Bunúsacha agus sa Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
I sochaí dhigiteach ina ndéantar sonraí pearsanta a bhailiú, a úsáid agus a dháileadh i gcónaí, ba cheart go mbeadh saoránaigh in ann cinneadh a dhéanamh faoi shaoirse maidir le conas a gcuid sonraí pearsanta féin a úsáid chun mí-úsáid a sheachaint.
Le hAirteagal 8 den Chairt, tugtar de cheart do gach duine na sonraí a bhaineann leis nó léi a bheith á gcosaint.
Ní mór sonraí den sórt sin a phróiseáil go cóir le haghaidh cuspóirí sonracha agus ar bhonn thoiliú an duine i dtrácht nó ar bhonn dlisteanach éigin eile arna leagan síos le dlí. Tá sé de cheart ag gach duine rochtain a dhéanamh ar shonraí atá bailithe agus a bhaineann leis nó léi, agus na sonraí sin a bheith ceartaithe. Beidh comhlíonadh na rialacha sin faoi réir a rialaithe ag údarás neamhspleách.
Aon duine aonair san Aontas a bhfuil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta á bpróiseáil san Aontas nó i gcás ina mbaineann an phróiseáil le hearraí nó seirbhísí a chur ar fáil do na daoine aonair sin san Aontas agus le faireachán a dhéanamh ar a iompar nó ar a hiompar laistigh den Aontas, tá an duine sin faoi chosaint ag an gcreat dlí arna ghlacadh ag an Aontas den bhun Airteagal 8 den Chairt agus de bhun Airteagal 16 den Chonradh ar Fheidhmiú an Aontais Eorpaigh.
Srianta agus teorainneacha maidir leis an gceart sin.
Éilíonn Parlaimint na hEorpa go dtiocfaí ar chothromaíocht idir slándáil a fheabhsú agus coireacht agus sceimhlitheoireacht a chomhrac ar thaobh amháin, agus príobháideacht agus sonraí pearsanta a chosaint ar an taobh eile, chun aáirithiú go ndearfaí na beartais sin agus lánpháirtiú na gceart sin á chur san áireamh. Tá roinnt rún éagsúil glactha aice maidir leis na hábhair íogaire sin, go háirithe maidir le hollfhaireachas leictreonach ar shaoránaigh AE. Tá roinnt mórbhreithiúnas eisithe freisin ag Cúirt Bhreithiúnais an Aontais Eorpaigh maidir le comhoiriúnacht reachtaíocht an Aontais leis an gCairt i ndáil le coireacht thromchúiseach agus sceimhlitheoireacht thromchúiseach a chomhrac, mar shampla: Digital Rights Ireland Ltd (C-293/12), Tele2 Sverige AB (C-203/15), Maximillian Schrems v Data Protection Commissioner (C-362/14), agus PNR Canada (Opinion 1/15).
In 2016, ghlac Parlaimint na hEorpa agus an Chomhairle an pacáiste cosanta sonraí. Comhdhéanta de Rialachán agusTreoir. Is é atá sa phacáiste sin creat dlíthiúil nua atá nua-aimseartha agus láidir agus a mbeidh ar na Ballstáit é a chur i bhfeidhm amhail an 25 Bealtaine 2018 chun a áirithiú go ndéanfar sonraí pearsanta gach duine aonair a chosaint san Aontas.
I ndlí an Aontais maidir le cosaint sonraí, leagtar amach na prionsabail agus na hoibleagáidí nach mór do rialaitheoir a chomhlíonadh chun próiseáil dhleathach sonraí pearsanta a áirithiú, amhail an bunús dlí le haghaidh próiseáil sonraí, na prionsabail le haghaidh próiseáil sonraí, na rialacha maidir le haistrithe idirnáisiúnta sonraí pearsanta lasmuigh den Aontas nó maidir le sáruithe sonraí pearsanta.
Cearta na n-ábhar sonraí i ndáil le próiseáil a sonraí pearsanta
Tá sé de cheart ag daoine aonair
- a bheith curtha ar an eolas faoi phróiseáil a sonraí pearsanta,
- rochtain a fháil ar a gcuid sonraí pearsanta agus
- a iarraidh go ndéanfaí sonraí pearsanta atá míchruinn nó neamhiomlán a cheartú, a scriosadh nó a shrianadh. Tá sé de cheart acu freisin go mbeadh a gcuid sonraí pearsanta iniompartha go dtí rialaitheoir ón rialaitheoir a phróiseáil na sonraí ar dtús.
Tá sé de cheart ag daoine aonair freisin a iarraidh go ndéanfaí a gcuid sonraí pearsanta a scriosadh nuair nach mbeidh siad ag taisteáil níos mó nó nuair nach mbeidh an phróiseáil á chomhlíonadh ag an dlí.
I gcomhréir leis an gCairt (Airteagal 52) féadfar srian a chur le cearta daoine aonair in imthosca an-sonrach i gcás inar riachtanach agus comhréireach i sochaí dhaonlathach chun coimirciú a dhéanamh ar aon cheann de na cuspóirí a bhaineann le leas ginearálta atá léirithe go sonrach i ndlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.
Is féidir le daoine aonair agóid a dhéanamh am ar bith i gcoinne phróiseáil a shonraí pearsanta nó a sonraí pearsanta chun críocha na margaíochta, lena n-áirítear próifíliú a bhaineann le margaíocht dhíreach, nó ar fhoras a bhaineann lena staid ar leith, i roinnt cásanna sonracha.
Meastar roinnt catagóirí speisialta de shonraí pearsanta a bheith íogair agus tá siad faoi chosaint shonrach faoin Rialachán Ginearálta maidir le Cosaint Sonraí.
Baineann sé sin le sonraí a thagraíonn do bhunadh eitneach; tuairimí polaitiúla; creidimh reiligiúnacha nó fealsúnachta; ballraíocht i gceardchumann; próiseáil sonraí géiniteacha; sonraí bithmhéadracha a úsáidtear chun daoine a shainaithint; sláinte agus saol gnéis nó claonadh gnéasach.
Cuirtear an fhreagracht chun faireachán a dhéanamh ar chomhlíonadh na rialacha cosanta sonraí ar údaráis neamhspleácha um chosaint sonraí sna Ballstáit a bhfuil sé de chumhacht acu idiragairt a dhéanamh, measúnú a dhéanamh ar ghearáin ó dhaoine aonair agus bearta forfheidhmiúcháin a ghlacadh i gcoinne rialaitheoir sonraí. Féadfaidh údaráis náisiúnta cosanta sonraí fíneálacha riaracháin suas le EUR 20,000,000, nó 4 % de láimhdeachas domhanda rialaitheora nó próiseálaí, a fhorchur as sáruithe ar dhlí an Aontais maidir le cosaint sonraí.