An tIlteangachas i bParlaimint na hEorpa 

Is gné thábhachtach de dhaonlathas na hEorpa é an tIlteangachas, is é sin úsáid roinnt teangacha.

I bParlaimint na hEorpa, tá an tábhacht chéanna ag baint le gach ceann de 24 theanga oifigiúla an Aontais. Tá sé de cheart ag Feisirí doiciméid pharlaiminteacha a scríobh agus a léamh sa teanga oifigiúil is rogha leo. Tá sé de cheart acu freisin labhairt agus éisteacht sa teanga sin ag cruinnithe agus díospóireachtaí parlaiminteacha.

Leis an aistriúchán agus an ateangaireacht, cuirtear ar chumas na saoránach dul i rannpháirtíocht le Parlaimint na hEorpa sa teanga oifigiúil is rogha leo agus cruinnithe parlaiminteacha a leanúint i dteangacha éagsúla, ar an láthair nó ar líne.

Tá ról tábhachtach ag teangacha a mhéid a bhaineann le reachtaíocht an Aontais. Ní mór do Pharlaimint na hEorpa a áirithiú go gcuirfear an reachtaíocht a ghlacann an Pharlaimint ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais. Cuireann sé sin ar chumas na saoránach tuiscint a fháil ar dhlíthe an Aontais a dhéanann difear dóibh.

Príomhthéacsanna dlí:

Ó 4 theanga go 24 theanga

Leagtar síos teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh i Rialachán Uimh. 1/1958 ón gComhairle. Nuair a théann tír nua isteach san Aontas Eorpach, féadfar an Rialachán sin a thabhairt cothrom le dáta chun teanga oifigiúil/teangacha oifigiúla na tíre sin a áireamh. Tá stádas comhionann ag na teangacha oifigiúla go léir.

Ó bhunú an Aontais Eorpaigh sna 1950í, nuair nach raibh ach ceithre theanga in úsáid, tháinig méadú ar uimhir na dteangacha oifigiúla go 24.

Le 24 theanga oifigiúla, is féidir aistriúchán agus ateangaireacht a dhéanamh ar na 23 theanga eile. Ciallaíonn sé sin go bhfuil 552 meascán aistriúcháin agus ateangaireachta féideartha ann.

Teangacha oifigiúla an Aontais Eorpaigh - am líne

  • 1958: Ollainnis, Fraincis, Gearmáinis, Iodáilis 
  • 1973: Danmhairgis, Béarla
  • 1981: Gréigis
  • 1986: Portaingéilis, Spáinnis
  • 1995: Fionlainnis, Sualainnis
  • 2004: Seicis, Eastóinis, Ungáiris, Laitvis, Liotuáinis, Máltais, Polainnis, Slóvaicis, Slóivéinis
  • 2007: Bulgáiris, Gaeilge, Rómáinis
  • 2013: Cróitis

Príomhthéacsanna dlí:

Seirbhísí aistriúcháin

Ráthaítear le seirbhís aistriúcháin Pharlaimint na hEorpa go gcuirfear ábhar a bhaineann le gníomhaíochtaí reachtacha, buiséadacha agus grinnscrúdaithe na Parlaiminte ar fáil sna teangacha oifigiúla go léir chun trédhearcacht agus dlisteanacht a áirithiú. Cuirtear seirbhísí teanga ar fáil leis freisin chun a áirithiú go bhfuil cumarsáid na Parlaiminte le saoránaigh ilteangach, soiléir, cuimsitheach agus inrochtana do gach duine.

Tá tuairim is 1100 duine fostaithe san Ard-Stiúrthóireacht um Aistriúchán agus um Theanga Shoiléir (AS TRAD). Orthu siúd, tá breis agus 600 aistritheoir, agus is ceann de na fostóirí is mó dá leithéid é.

Seirbhísí ateangaireachta

Cuireann seirbhís ateangaireachta Pharlaimint na hEorpa ateangaireacht bheo ar fáil le linn cruinnithe parlaiminteacha. Leis sin, cuirtear ar chumas na bhFeisirí ó gach cearn den Eoraip dul i rannpháirtíocht i ndíospóireachtaí thar theangacha éagsúla. Ciallaíonn sé sin freisin gur féidir le saoránaigh cruinnithe parlaiminteacha poiblí a leanúint i dteangacha oifigiúla difriúla an Aontais trí shruthú gréasáin. Cuirtear seirbhísí ateangaireachta ar fáil do sheisiúin iomlánacha, cruinnithe coiste agus cruinnithe ilteangacha eile.

Tá foireann de thart ar 250 ateangaire inmheánach ag an Ard-Stiúrthóireacht um Lóistíocht agus um Ateangaireacht do Chomhdhálacha (LINC). Coinnítear leis líonra de níos mó ná 1 500 saorateangaire creidiúnaithe a oibríonn go rialta do Pharlaimint na hEorpa.

Gníomhartha Reachtacha

Téann an reachtaíocht arna glacadh ag Parlaimint na hEorpa i bhfeidhm ar níos mó ná 450 milliún duine in 27 dtír agus in 24 theanga oifigiúla. Ní mór go mbeadh sí comhionann agus go mbeadh sí chomh soiléir agus is féidir i ngach ceann de na teangacha. Tá dlítheangeolaithe na Parlaiminte freagrach as seo.

Áirithíonn an fhoireann de thart ar 75 dlítheangeolaí go ndéantar téacsanna reachtacha den cháilíocht is airde is féidir a chur ar fáil i dteangacha oifigiúla uile an Aontais ag gach céim den phróiseas reachtach.

I measc a bpríomhchúraimí tá an méid seo a leanas:

  • comhairle maidir le dréachtú agus nósanna imeachta a sholáthar d'Fheisirí agus do rúnaíochtaí na gCoistí, ó chéad chéim dréachtaithe an téacs reachtaigh go dtí go nglactar go críochnaitheach é sa suí iomlánach;
  • seiceáil a dhéanamh ar cháilíocht dhlítheangeolaíoch agus theicniúil gach téacs reachtaigh a ndéantar vótáil orthu sa choiste agus sa suí iomlánach;
  • gach téacs a ghlactar sa suí iomlánach a fhoilsiú ar lá na vótála;
  • gníomhartha reachtacha a thabhairt chun críche i gcomhar le dlítheangeolaithe na Comhairle.