Tá comhar an Aontais Eorpaigh le tíortha na hAfraice agus leis an Aontas Afracach (AA) bunaithe ar dhá chreat ar leith: eadhon (a) straitéis chomhpháirteach AE-an Afraic agus (b) na Comhaontuithe Comhpháirtíochta leis na stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ACC).
Bunaíodh an bunús dlí do ghnéithe polaitiúla, eacnamaíocha agus forbartha na comhpháirtíochta idir an tAontas agus Stáit ACC le Comhaontú Cotonou in 2000. Cuireadh Comhaontú Shamó ina ionad sin an 15 Samhain 2023, comhaontú a caibidlíodh chun an chomhpháirtíocht a nuachóiriú agus a uasghrádú.
Cuireadh Straitéis Chomhpháirteach AE-an Afraic chun feidhme trí threochláir ilbhliantúla agus trí phleananna gníomhaíochta a glacadh ag gach cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach, a bhíonn ar siúl gach trí bliana de ghnáth. Ag an gcruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach a tionóladh i mí Feabhra 2022 sa Bhruiséil, tháinig ceannairí an Aontais agus ceannairí an Aontais Afracaigh ar chomhaontú maidir le ‘Fís Chomhpháirteach do 2030’, a bhfuil sé mar aidhm léi comhdhlúthú a dhéanamh ar chomhpháirtíocht athnuaite bunaithe ar dhlúthpháirtíocht, slándáil, síocháin, forbairt inbhuanaithe agus rathúnas comhroinnte. Tionóladh an tríú cruinniú aireachta idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach an 21 Bealtaine 2025, le rannpháirtíocht cheannaireacht nua an Aontais Afracaigh. Ag an gcruinniú sin, rinneadh athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta maidir leis an bhFís Chomhpháirteach do 2030, agus réitíodh an bealach don seachtú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach, a bhí ar siúl in Luanda, Angóla ón 24 go dtí an 25 Samhain 2025, inár comóradh 25 bliana den chomhpháirtíocht ó bhí cruinniú mullaigh Chaireo ann in 2000. Thionóil Coiste Polaitiúil agus Slándála an Aontais Eorpaigh agus Comhairle Síochána agus Slándála an Aontais Afracaigh an 16ú cruinniú comhairleach dá gcuid sa Bhruiséil ón 8 go dtí an 9 Deireadh Fómhair 2025. Is é an tAontas an deontóir cúnaimh oifigiúil um fhorbairt is suntasaí atá ag an Afraic. Déantar an méid sin a chistiú go príomha ó bhuiséad ginearálta an Aontais tríd an Ionstraim um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta (ICFCI) – An Eoraip Dhomhanda.

Bunús dlí

Comhpháirtíocht ACC-AE

Le barr ar scór bliain, bhí Comhaontú Cotonou, mar bhonn taca leis an gcaidreamh idir an tAontas agus an Afraic Fho-Shahárach, ar comhaontú é inar leagadh amach an bunús a bhí leis an gcaidreamh idir an tAontas agus 78 dtír as na 79 dtír[1] a bhí ina Stáit ACC – as a ndearnadh Eagraíocht na Stát san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin (ESACC) i mí Aibreán 2022.

Cuireadh síneadh le Comhaontú Cotonou, a bhí le dul in éag ar dtús in 2020, roinnt uaireanta go dtí mí na Samhain 2023. Bhí sé d’aidhm ag an gcomhaontú deireadh a chur leis an mbochtaineacht agus comhtháthú thíortha ACC i ngeilleagar an domhain a chur chun cinn. Rinneadh é a struchtúrú ina thrí cholún comhair:

  • polaitiúil;
  • forbairt;
  • eacnamaíoch agus trádála.

Is iad institiúidí comhpháirteacha ACC-AE, lena n-áirítear Comhairle Airí, Coiste Ambasadóirí agus Comhthionól Parlaiminteach, a chuir an comhaontú chun feidhme.

Tugadh an chaibidlíocht maidir le ‘comhaontú iar-Cotonou’ idir an tAontas agus ESACC i gcrích i mí na Nollag 2020. Mar sin féin, cuireadh moill ar shíniú an chomhaontaithe nua go dtí mí na Samhna 2023 mar gheall ar easaontais agus forchoimeádais inmheánacha an Aontais ó dhá Bhallstát de chuid an Aontais.

Tagann Comhaontú Shamó, a síníodh i mí na Samhna 2023, in ionad Chomhaontú Cotonou agus is caibidil nua é sa chaidreamh idir an tAontas agus ESACC. Leis an gcomhaontú, déantar dhá athrú mhóra, eadhon an ghné pharlaiminteach a neartú laistigh den chreat institiúideach agus an comhaontú a roinnt ina thrí phrótacal réigiúnacha. Is comhpháirtíocht nuachóirithe uasghrádaithe é idir an tAontas agus ESACC, ag tógáil ar an mbonn a leagtar síos le Comhaontú Cotonou.

Leagtar amach i gComhaontú Shamó sé réimsí tosaíochta straitéiseacha le haghaidh comhair: cearta an duine, an daonlathas agus rialachas; an tsíocháin agus an tslándáil; forbairt dhaonna agus shóisialta; fás agus forbairt eacnamaíoch inbhuanaithe atá cuimsitheach; inbhuanaitheacht comhshaoil agus an t-athrú aeráide; agus an imirce agus an tsoghluaisteacht. Leagtar béim freisin ar a ábhartha atá an comhar idir na páirtithe i bhfóraim idirnáisiúnta, agus Clár Oibre 2030 na Náisiún Aontaithe don Fhorbairt Inbhuanaithe agus do na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.

Tá an comhar leagtha amach i dtrí phrótacal réigiúnacha a léiríonn tosaíochtaí éagsúla réigiúin ACC. Is é Prótacal AE-na hAfraice anois an creat dlíthiúil don chaidreamh idir an tAontas agus an Afraic Fho-Shahárach. Cuimsítear an méid seo a leanas sna réimsí tosaíochta réigiúnacha: fás eacnamaíoch inbhuanaithe cuimsitheach; forbairt dhaonna agus shóisialta; an comhshaol agus acmhainní nádúrtha; an tsíocháin agus an tslándáil; an smacht reachta, ceartas, an daonlathas agus rialachas; cearta an duine agus comhionannas inscne; agus an imirce agus an tsoghluaisteacht. Leis an bprótacal nua sin, sanntar ról níos mó don idirphlé agus don chomhar idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach ná mar a bhí amhlaidh le Comhaontú Cotonou.

Foráiltear le Comhaontú Shamó d’institiúidí comhpháirteacha, go háirithe Comhairle Airí ESACC-AE agus ceithre thionól idirpharlaiminteacha, ina gcuimsítear brat-Chomhthionól Parlaiminteach ESACC-AE agus trí thionól pharlaiminteacha réigiúnacha (PAnna): PA na hAfraice-AE, PA Mhuir Chairib-AE agus PA an Aigéin Chiúin-AE (féach an faisnéisiú ó Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa dar teideal After Cotonou: towards a new agreement with the African, Caribbean and Pacific states [Tar éis Cotonou: i dtreo comhaontú nua leis na stáit san Afraic, i Muir Chairib agus san Aigéan Ciúin]). Bunaíodh na ceithre thionól pharlaiminteacha sin go foirmiúil i mí Feabhra 2024, nuair a tháinig siad le chéile den chéad uair in Luanda, Angóla agus nuair a ghlac siad a Rialacha Nós Imeachta. Tionólfaidh gach ceann de na ceithre thionól gnáthchruinniú bliantúil amháin, a dhéanfar ar bhonn uainíochta idir ionad AE agus ionad ACC. Féadfaidh na tionóil réigiúnacha cruinnithe breise a thionól freisin i gcomhar le Comhthionól Parlaiminteach ESACC-AE.

Straitéis AE-an Afraic agus comhpháirtíocht an Aontais leis an Afraic

Ghlac ceannairí AE agus ceannairí na hAfraice straitéis chomhpháirteach tosaigh AE-an Afraic ag an dara cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an Afraic i Liospóin in 2007 agus sainíodh inti an fhís pholaitiúil don chomhpháirtíocht idir an Afraic agus an tAontas Eorpach. Is iad seo a leanas na cuspóirí atá léi:

  • bogadh ar aghaidh ón gcomhar idir deontóirí agus faighteoirí chun saincheisteanna polaitiúla atá ina n-ábhar imní don dá thaobh a chuimsiú sa chaidreamh idir an Afraic agus an tAontas;
  • an comhar a leathnú trí aghaidh a thabhairt ar dhúshláin dhomhanda chomhchoiteanna amhail an imirce, an t-athrú aeráide, an tsíocháin agus an tslándáil, agus comhar a threisiú i bhfóraim idirnáisiúnta;
  • tacú le mianta na hAfraice maidir le freagairtí tras-réigiúnacha agus ilchríochacha ar na dúshláin shuntasacha sin a spreagadh;
  • oibriú i dtreo comhpháirtíocht ina bhfuil na daoine ag a croílár, lena n-áirithítear rannpháirtíocht níos fearr ó shaoránaigh na hAfraice agus na hEorpa.

I mí an Mhárta 2020, roimh an séú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach, d’eisigh an Coimisiún agus Ardionadaí an Aontais do Ghnóthaí Eachtracha agus don Bheartas Slándála teachtaireacht chomhpháirteach dar teideal Towards a comprehensive Strategy with Africa [I dtreo Straitéis Chuimsitheach leis an Afraic]. Moladh ann comhar feabhsaithe a bhaineann le cúig cholún: an t-aistriú glas agus rochtain ar fhuinneamh; an claochlú digiteach; an fás inbhuanaithe agus poist; an tsíocháin agus rialachas; agus an imirce agus an tsoghluaisteacht.

An 25 Márta 2021, ghlac an Pharlaimint rún maidir le Straitéis nua idir AE agus an Afraic – comhpháirtíocht d’fhorbairt inbhuanaithe agus chuimsitheach. Rinneadh codanna áirithe den straitéis arna moladh go comhpháirteach ag an gCoimisiún agus ag an Ardionadaí, amhail fás inbhuanaithe agus cuimsitheach, a athlua agus a atreisiú agus á iarraidh ag an am céanna go ndíreofaí níos géire ar réimsí eile, amhail forbairt an duine, cuimsiú sóisialta, cearta an duine, cumhachtú na mban agus na ndaoine óga, agus talmhaíocht athléimneach. Maidir leis an imirce, mheas sé go mbeadh rath na comhpháirtíochta ag brath ar fheabhsuithe suntasacha ar dheiseanna soghluaisteachta agus d’iarr sé go ndéanfaí tuilleadh forbartha ar bhealaí na himirce dleathaí.

Ag an séú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach (a tionóladh sa Bhruiséil ón 17 go dtí an 18 Feabhra 2022), tháinig cinn stáit agus rialtais an Aontais Eorpaigh agus an Aontais Afracaigh ar chomhaontú maidir le dearbhú dar teideal A Joint Vision for 2030 [Fís Chomhpháirteach do 2030]. Leis an bhFís Chomhpháirteach, comhdhlúthaítear bonn straitéiseach fadtéarmach don chaidreamh idir an tAontas agus an Afraic i saol domhandaithe. Déanann sé a dhícheall an comhar eacnamaíoch a neartú agus an fhorbairt inbhuanaithe a chur chun cinn, agus an dá ilchríoch ag maireachtáil le chéile faoi shíocháin, slándáil, daonlathas, rathúnas, dlúthpháirtíocht agus dínit an duine agus ár bpobail, ár réigiúin agus ár n-eagraíochtaí á dtabhairt le chéile ag an am céanna. Leis an gcomhpháirtíocht athnuaite, tugtar aghaidh ar na deiseanna agus na dúshláin láithreacha, chomh maith le féidearthachtaí fadtéarmacha na comhpháirtíochta, lena ndírítear ar ghníomhaíochtaí ar an leibhéal ilchríochach agus réigiúnach ina bhfuil acmhainneacht chomhchoiteann ag an Aontas agus ag an Afraic beart a dhéanamh. Tá ceithre sprioc insoláthartha i gceist leis an bhfís:

  • Pacáiste Infheistíochta idir an Afraic agus an Eoraip arb é is aidhm dó EUR 150 billiún d’infheistíochtaí a chur ar fáil chun geilleagair éagsúlaithe, inbhuanaithe agus athléimneacha a chur chun cinn ar mhór-roinn na hAfraice.
  • comhar athnuaite feabhsaithe maidir leis an tsíocháin agus an tslándáil;
  • comhpháirtíocht fheabhsaithe chómhalartach maidir leis an imirce agus leis an tsoghluaisteacht;
  • tiomantas chun an t-iltaobhachas a neartú laistigh den ord idirnáisiúnta riailbhunaithe, agus na Náisiúin Aontaithe ina chroílár.

Ag leanúint as an séú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach, bhí cruinniú comhpháirteach ag an Aontas Afracach agus Coláiste Coimisinéirí an Aontais Eorpaigh an 28 Samhain 2022. Tionóladh an tríú cruinniú aireachta idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach an 22 Bealtaine 2025, le rannpháirtíocht cheannaireacht nua an Aontais Afracaigh. Ag an gcruinniú sin, rinneadh athbhreithniú ar an dul chun cinn atá déanta maidir le Fís Chomhpháirteach do 2030, agus réitíodh an bealach don seachtú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach, a bhí ar siúl in Luanda, Angóla ón 24 go dtí an 25 Samhain 2025, inár comóradh 25 bliana den chomhpháirtíocht ó bhí cruinniú mullaigh Chaireo ann in 2000.

Roimh an seachtú cruinniú mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach, ghlac an Pharlaimint rún inar iarradh go mbeadh comhpháirtíocht chomhionann nua ann idir an tAontas agus an Afraic, bunaithe ar urraim fhrithpháirteach, leasanna comhroinnte agus gníomhaíocht chomhpháirteach iltaobhach. Leagtar béim ann ar an ngá atá le díriú ar chomhar praiticiúil a bhfuil torthaí nithiúla aige, agus tús áite á thabhairt do réimsí amhail an tsíocháin, an tslándáil, an bonneagar agus an nascacht dhigiteach trí ionstraim infheistíochta Global Gateway, agus an fás eacnamaíoch arna spreagadh ag forbairt na hearnála príobháidí. Cuirtear i bhfios go láidir freisin a thábhachtaí atá sé iarrachtaí comhpháirteacha a neartú chun an sceimhlitheoireacht agus an choireacht eagraithe a chomhrac, agus beartais imirce a chur chun feidhme lena dtugtar aghaidh ar na bunchúiseanna agus inniúlachtaí na mBallstát á n-urramú ag an am céanna. Ina theannta sin, leagtar béim ar an ngá atá leis an ngné pharlaiminteach de chruinnithe mullaigh idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach a institiúidiú, lena n-áirítear cruinnithe rialta réamhchruinnithe mullaigh leis an bParlaimint Phan-Afracach, malartuithe téamacha idir coistí parlaiminteacha, agus idirphlé ardleibhéil bliantúil maidir le príomhábhair amhail an tsíocháin agus an tslándáil, trádáil agus comhar eacnamaíoch, imirce agus soghluaisteacht, agus an t-athrú aeráide agus an inbhuanaitheacht. Ar deireadh, rannchuideoidh sé sin le plean gníomhaíochta comhpháirteach idir an tAontas Eorpach agus an tAontas Afracach a fhorbairt le haghaidh 2025-2030, ina mbeidh spriocanna intomhaiste lena n-áirítear trádáil agus infheistíocht a dhúbailt, creat soghluaisteachta agus víosaí a bhunú, agus comhpháirtíocht ghlas dhigiteach a sheoladh.

Comhar um fhorbairt

Is iad an tAontas agus a Bhallstáit an deontóir is suntasaí de chúnamh oifigiúil um fhorbairt atá ag an Afraic i gcónaí.

Mar thoradh ar an gcaibidlíocht maidir le creat airgeadais ilbhliantúil 2021-2027 an Aontais (féach bileog eolais faoi leith 1.4.3 Creat airgeadais ilbhliantúil), cumhdaítear an comhar um fhorbairt le hIonstraim chuimsitheach um Chomharsanacht, Forbairt agus Comhar Idirnáisiúnta – an Eoraip Dhomhanda (ICFCI – an Eoraip Dhomhanda) arna ionchorprú go hiomlán i mbuiséad AE. Roimhe seo, cuireadh formhór de chúnamh forbartha an Aontais do thíortha na hAfraice ar fáil ón gCiste Eorpach Forbraíochta, a bhí ar leithligh ó bhuiséad an Aontais.

Le ICFCI — an Eoraip Dhomhanda, simplítear ollstruchtúr maoinithe sheachtraigh an Aontais trí 10 n-ionstraim faoin timthriall buiséadach roimhe sin (2014-2020) a ionadú agus a chumasc in aon ionstraim chuimsitheach amháin. Neartaíonn sé cumas an Aontais a thosaíochtaí straitéiseacha agus a ghealltanais idirnáisiúnta a bhaint amach trí sholúbthacht agus uirlisí nuálacha a chur ar fáil chun muinín agus comhar níos fearr a chothú le tíortha comhpháirtíochta an Aontais. Tá an Eoraip Dhomhanda á spreagadh ag cur chuige ‘tús áite don bheartas’ agus ‘luachbhunaithe’ a chuirfidh ar chumas an Aontais seasamh geopholaitiúil níos láidre a ghlacadh ina ghníomhaíocht sheachtrach.

Le buiséad de bheagnach EUR 80 billiún don tréimhse 2021-2027, clúdaíonn an Eoraip Dhomhanda níos mó ná 70 % de mhaoiniú an Aontais don chaidreamh seachtrach. Tá an clár bunaithe ar thrí cholún: cláir gheografacha, cláir théamacha agus gníomhaíochtaí mearfhreagartha. Le cláir gheografacha, a bheidh ina bpríomhshásra cur chun feidhme, dírítear ar réigiúin amhail comharsanacht an Aontais, an Afraic fho-Shahárach, an Áise-Aigéan Ciúin, Críocha Mheiriceá agus Muir Chairib. Leis an gcur chuige sin, is féidir leis an Aontas gníomhaíocht níos straitéisí agus níos comhleanúnaí a dhéanamh ar fud an domhain, agus í curtha in oiriúint do riachtanais na dtíortha comhpháirtíochta. Tugtar tús áite sa chlár do chearta an duine a chur chun cinn agus a chosaint, chomh maith le heagraíochtaí na sochaí sibhialta ar fud an domhain a chumhachtú, chun athrú dearfach a spreagadh agus chun domhan níos córa, níos cothroime agus níos cobhsaí a chothú.

An caidreamh trádála

Le Comhaontú Cotonou, ceadaíodh don Aontas agus do thíortha ACC comhaontuithe saorthrádála atá dírithe ar fhorbairt a chaibidliú, ar a dtugtar Comhaontuithe Comhpháirtíochta Eacnamaíche (CCEnna). Leanadh leis sin faoi Chomhaontú Shamó, áit arb iad CCEnna an phríomhuirlis chun rochtain a fháil ar mhargadh aonair an Aontais. Meastar gur gné bhunúsach í an trádáil idir an tAontas agus tíortha na hAfraice – mar aon le comhtháthú eacnamaíoch réigiúnach agus ilchríochach – maidir le forbairt inbhuanaithe a chur chun cinn san Afraic. Ina theannta sin, le scéimeanna aontaobhacha ceadaítear rochtain fhabhrach ar an margadh don Aontas Eorpach i gcás fhormhór na dtíortha fo-Shaháracha (féach bileog eolais faoi leith 5.2.3 Córais trádála is infheidhme i leith tíortha atá i mbéal forbartha).

Is iad CCEnna na príomhionstraimí lena gcuirtear an trádáil idir an tAontas agus réigiúin na hAfraice chun cinn, agus meastar go bhfuil siad go hiomlán comhoiriúnach le rialacha na hEagraíochta Domhanda Trádála. Mar sin féin, bhí caibidlíocht na CCEnna sin, a thosaigh in 2002, níos deacra ná mar a measadh agus tá roinnt rialtas san Afraic, grúpaí áitiúla ón tsochaí shibhialta agus ceardchumainn ag cur go mór ina coinne. Dá bhrí sin, níl roinnt CCEnna, a bhí ceaptha réigiúin iomlána na hAfraice a chumhdach, á gcur i bhfeidhm ach go sealadach le tíortha atá toilteanach amhlaidh a dhéanamh, amhail an Cósta Eabhair, Gána, Camarún agus an Chéinia (chun tuilleadh faisnéise a fháil, féach faisnéisiú Sheirbhís Taighde Pharlaimint na hEorpa dar teideal EU economic partnership agreements with ACP countries [Comhaontuithe comhpháirtíochta eacnamaíche AE le tíortha ACC]).

Ról Pharlaimint na hEorpa

Mar atá amhlaidh i gcás comhaontuithe idirnáisiúnta eile, tá gá dlíthiúil le toiliú na Parlaiminte chun Comhaontú Shamó a thabhairt i gcrích (Airteagal 218 CFAE), cé gur féidir an comhaontú a chur i bhfeidhm go páirteach agus go sealadach sula dtabharfar toiliú agus sula mbeidh sé daingnithe ag Ballstáit uile an Aontais agus ag tíortha uile ESACC. Rannchuidigh an Pharlaimint leis an gcaibidlíocht maidir le Comhaontú Shamó trí rúin a ghlacadh roimh an bpróiseas agus lena linn agus trí ghrúpa faireacháin a chur ar bun faoi stiúir a Coiste um Fhorbairt. Ag leanúint as an gcaibidlíocht agus síniú an chomhaontaithe, thug an Pharlaimint a toiliú an 10 Aibreán 2024.

Tá gá le toiliú na Parlaiminte freisin le haghaidh aon CCE arna dtabhairt i gcrích le tíortha ACC. Ina theannta sin, rannchuidigh an Pharlaimint go gníomhach le hionstraim airgeadais ICFCI – an Eoraip Dhomhanda, a mhúnlú agus tá dlúthbhaint aici lena cur chun feidhme.

Tá roinnt buantoscaireachtaí idirpharlaiminteacha ag an bParlaimint maidir leis an gcaidreamh le tíortha agus institiúidí san Afraic. Is é Comhthionól Parlaiminteach ESACC-AE, atá comhdhéanta d’Fheisirí de Pharlaimint na hEorpa agus comhaltaí parlaiminte ó ESACC, an príomhchomhlacht ina ndéanann an Pharlaimint comhar maidir leis na cúrsaí sin, agus tá ról bunriachtanach aige maidir leis an gcaidreamh parlaiminteach idir an tAontas agus a chomhpháirtithe ESACC a neartú agus bhí sé bunaithe ar Airteagal 14 de Chomhaontú Cotonou. Chomh maith le tionóil pharlaiminteacha réigiúnacha a bhunú, ba é ceann de phríomhéilimh na Parlaiminte le linn na caibidlíochtaí ná Comhthionól Parlaiminteach a choinneáil sa chomhaontú nua, a mheas sí a bheith ina choinníoll bunriachtanach chun a toiliú a fháil. Rinneadh toscaireachtaí le haghaidh gach ceann de na comhaontuithe comhpháirtíochta nua a chur ar bun go foirmiúil i mí na Nollag 2023, lena n-áirítear toscaireacht chuig Tionól Parlaiminteach AE-an Afraic. Tá 48 bhFeisire sa toscaireacht sin, gach duine acu ina chomhalta de Chomhthionól Parlaiminteach nua ESACC-AE.

Tá cineálacha comhair pharlaimintigh leis an Aontas Afracach forbartha freisin ag an bParlaimint tríd an Toscaireacht um Chaidreamh leis an bParlaimint Phan-Afracach, a bunaíodh in 2009. De ghnáth, bíonn cruinnithe mullaigh parlaiminteacha ag gabháil leis na cruinnithe mullaigh idir-rialtasacha, agus is minic leis na cruinnithe mullaigh parlaiminteacha dearbhú comhpháirteach a eisiúint go díreach chuig na cinn stáit nó rialtais ag tús gach cruinnithe mullaigh idir-rialtasacha.

Tá caidreamh pribhléideach parlaiminteach ag an Aontas freisin leis an Afraic Theas, ar treisíodh in 2007 faoin gComhpháirtíocht Straitéiseach idir an Afraic Theas agus AE - arb í an t-aon chomhpháirtíocht straitéiseach dhéthaobhach ag an Aontas le tír san Afraic í. Léirítear é sin freisin le buantoscaireacht thiomnaithe na Parlaiminte don chaidreamh leis an Afraic Theas, a thionóil a 28ú cruinniú Idirpharlaiminteach (IPM) ón 18 go dtí an 19 Feabhra 2025 in Cape Town, inar glacadh Dearbhú Comhpháirteach. Tionóladh an t-ochtú cruinniú mullaigh idir an tAontas agus an Afraic Theas an 13 Márta 2025 in Cape Town freisin. Tionóladh an 29ú IPM sa Bhruiséil ón 5 go dtí an 6 Samhain 2025, roimh an 20ú Cruinniú Mullaigh G20 ón 22 go dtí an 23 Samhain 2025 in Johannesburg na hAfraice Theas. Ba é sin an chéad chruinniú mullaigh G20 a tionóladh ar mhór-roinn na hAfraice le linn na chéad uachtaránachta G20 a bhí ag an Afraic Theas, a bhí ar siúl ón 1 Nollaig 2024 go dtí an 30 Samhain 2025.

 

[1]Ba é Cúba an eisceacht.

Rose BAGUDU / Tanya BOLNEVA MIHAYLOVA