Suíonna iomlánacha
Bíonn suíonna iomlánacha na Parlaiminte ar siúl 12 uair in aghaidh na bliana in Strasbourg agus maireann siad ceithre lá (ó Luan go Déardaoin). Tionóltar páirtseisiúin bhreise sa Bhruiséil.
Díríonn gnó an tsuí iomlánaigh go príomha ar dhíospóireachtaí agus ar vótáil. Is iad na téacsanna a ghlactar sa suí iomlánach ar bhonn foirmiúil na haon téacsanna arb ionann iad agus gníomhartha de chuid Pharlaimint na hEorpa. Is féidir tuarascálacha reachtacha, tuarascálacha faoi na nósanna imeachta buiséadacha, tuarascálacha neamhreachtacha agus rúin a bheith i gceist leo sin.
Roimh gach páirtseisiún, déanann Comhdháil na nUachtarán dréachtchlár oibre iomlánach a tharraingt suas go mion, bunaithe ar mholtaí ó Chomhdháil Chathaoirligh na gCoistí. Ag tús gach páirtseisiúin, déanfaidh an Pharlaimint a clár oibre a ghlacadh.
Féadfaidh coiste, grúpa polaitiúil nó an deichiú cuid ar a laghad d’Fheisirí leasú amháin ar an dréachtchlár oibre críochnaitheach a mholadh, mar fhreagairt ar na himeachtaí nó ar na forbairtí polaitiúla is déanaí. Ní mór aon togra le haghaidh leasuithe den sórt sin a bheith faighte ag an Uachtarán uair an chloig ar a laghad sula gcuirfear tús leis an bpáirtseisiún. Tá gá le tromlach na vótaí a chaitear chun na leasuithe ar an gclár oibre a fhormheas.
Le linn na ndíospóireachtaí, leithdháiltear am labhartha de réir na Rialacha Nós Imeachta: roinntear an chéad chodán den am labhartha go cothrom i measc na ngrúpaí polaitiúla go léir, ansin roinntear codán eile i measc na ngrúpaí i gcomhréir le líon iomlán a bhFeisirí. Ansin socraíonn na grúpaí go hinmheánach cé a labhróidh agus cá fhad a labhróidh siad. Cinnteoidh an tUachtarán go n-urramófar na hamanna labhartha.
Ag am vótála, is iondúil go ndéanann na Feisirí amhlaidh trí lámh a thaispeáint agus is é nó í Uachtarán an tsuí a chinneann na tromlaigh i ngach cás. Mura bhfuil an taispeáint lámh soiléir, iarrann an tUachtarán go ndéanfaí vótáil leictreonach chun na huimhreacha ar gach taobh a dhearbhú.
Ní mór vótáil le glaoch rolla a dhéanamh má iarrann grúpa polaitiúil nó 5% ar a laghad de na Feisirí uile amhlaidh an tráthnóna roimh an vótáil. Sa chás sin, déantar an vóta a chaitheann gach Feisire a thaifeadadh agus a fhoilsiú in iarscríbhinn a ghabhann leis na miontuairiscí. Ós a choinne sin, is féidir le 20% de na Feisirí go léir vótáil le ballóid rúnda a iarraidh.
Is féidir breathnú ar na liostaí tinrimh sa roinn ‘Miontuairiscí’ ar shuíomh gréasáin Pharlaimint na hEorpa, trí chliceáil ar dtús ar dháta san fhéilire atá ar thaobh na láimhe deise den leathanach agus ina dhiaidh sin ar ‘Clár tinrimh’. Taispeántar torthaí na vótála sa suí iomlánach sa roinn ‘Vótaí’ ar an suíomh gréasáin.
Gníomhaíochtaí eile le linn na suíonna iomlánacha
Ar ghnáthlá seisiúin, tosaíonn an suí ar a naoi a chlog ar maidin agus féadfaidh sé dul ar aghaidh go dtí meán oíche.
Is iad na FPEnna iad féin a eagraíonn feidhmiú a sainordaithe shaoir agus féadfaidh a láithreacht sa seomra a bheith éagsúil toisc go bhféadfadh gníomhaíochtaí eile a bheith idir lámha acu (e.g. cruinnithe grúpaí polaitiúla, toscaireachtaí idirpharlaiminteacha, meithleacha, toscaireachtaí náisiúnta, nó fiú cruinnithe coiste, caibidlíochtaí idirinstitiúideacha, cruinnithe le saoránaigh, leis na meáin, le hionadaithe sainleasa, etc.) ag an am céanna leis na díospóireachtaí iomlánacha. Ina theannta sin, is féidir leis na FPEnna na díospóireachtaí a leanúint óna n-oifigí agus leasuithe á ndréachtú acu, nó a liostaí vótála a thabhairt chun críche le haghaidh vótaí meán lae, agus cruinnithe a bheith acu lena bhfoireann, le saineolaithe, le hionadaithe ó institiúidí eile, le hiriseoirí, etc.
Tuilleadh eolais
- Treoir an tsuí iomlánaigh
- Suíomh gréasáin an tsuí iomlánaigh
- Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, Riail 178: Am labhartha a leithdháileadh
- Rialacha Nós Imeachta Pharlaimint na hEorpa, Caibidil 5: Córam, leasuithe agus vótáil