Sláinte phoiblí

Bileoga Eolais AE 25-08-2026

Leagtar amach sa bhileog eolais seo cuspóirí bheartas sláinte poiblí an Aontais agus an comhthéacs inar forbraíodh é. Cuirtear i láthair ann na héachtaí móra atá bainte amach ag an Aontas maidir leis an tsláinte a chur chun cinn agus galair a chosc, agus béim á leagan ar ailse agus ar athléimneacht a chothú in aghaidh galair thógálacha agus bagairtí sláinte trasteorann. Tugtar aghaidh ar na dúshláin sláinte poiblí a bhaineann leis an athrú déimeagrafach, chomh maith leis an ngá atá le rochtain ar chógais leighis chriticiúla a áirithiú. Cuirtear i láthair freisin na forbairtí beartais is déanaí i réimse na r-Shláinte agus na biteicneolaíochta.