Beartas talmhaíochta an Aontais i bhfigiúirí (grafaicí faisnéise)
Faigh amach fíricí agus figiúirí faoi thairbhithe Chomhbheartas Talmhaíochta an Aontais Eorpaigh.
Is tionscal tábhachtach í an talmhaíocht do thíortha uile an Aontais agus faigheann siad uile cistí ón Aontas tríd an gComhbheartas Talmhaíochta (CBT). Tacaíonn na cistí sin go díreach le feirmeoirí tríd an gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus trí cheantair thuaithe, trí ghníomhú ar son na haeráide agus trí acmhainní nádúrtha a bhainistiú tríd an gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe.
Tá na hinstitiúidí Eorpacha ag obair chun buiséad agus rialacha bheartas talmhaíochta an Aontais a bhunú tar éis 2028.
Caiteachas talmhaíochta an Aontais de réir tíre
In 2023, caitheadh €38.16 billiún ar íocaíochtaí díreacha le feirmeoirí agus €12.95 billiún ar fhorbairt tuaithe. Thacaigh €2.67 billiún eile leis an margadh do tháirgí talmhaíochta.
Fuair an Fhrainc an sciar is mó de chistiú talmhaíochta an Aontais in 2023 (EUR 9.5 billiún san iomlán ón gCiste Eorpach um Ráthaíocht Talmhaíochta agus ón gCiste Eorpach Talmhaíochta um Fhorbairt Tuaithe) agus ina dhiaidh sin fuair an Spáinn (€7.1 billiún), an Ghearmáin (€6.4 billiún), an Iodáil (€6.1 billiún) agus an Pholainn (€5.1 billiún).
Cé mhéad de bhuiséad an Aontais a thugtar d’fheirmeoirí?
Cuirfidh an Comhbheartas Talmhaíochta maoiniú €387 mbilliún ar fáil don tréimhse 2021-27. B’ionann an t-airgead don fheirmeoireacht agus an ceathrú cuid de chaiteachas iomlán an Aontais in 2023. As an airgead sin, úsáideadh dhá thrian (67%) le haghaidh tacaíocht ioncaim dhíreach d’fheirmeoirí, chuaigh 28 % i mbun ceantair thuaithe a fhorbairt agus úsáideadh an 5 % eile le haghaidh idirghabhálacha ar mhargadh na dtáirgí talmhaíochta.
Tá nasc idir na rialacha lena rialaítear an chaoi a gcaitear airgead an Chomhbheartais Talmhaíochta agus buiséad fadtéarmach an Aontais. Beidh feidhm ag na rialacha atá ann faoi láthair go dtí mí na Nollag 2027, agus ina dhiaidh sin beidh gá iad a choigeartú don téarma buiséid nua a thosóidh in 2028.
Ghlac Parlaimint na hEorpa a seasamh maidir le todhchaí bheartas talmhaíochta an Aontais i mí Mheán Fómhair 2025. Cuireann feisirí i gcoinne thogra an Choimisiúin Eorpaigh maoiniú talmhaíochta a chomhtháthú le réimsí beartais eile agus ina ionad sin teastaíonn buiséad feirmeoireachta neamhspleách méadaithe uathu. Is mian leo go ráthófaí tacaíocht ioncaim dhíreach do gach feirmeoir gníomhach gairmiúil agus go laghdófaí an t-ualach riaracháin.
Cé mhéad duine a bhaineann tairbhe as buiséad feirmeoireachta an Aontais
Tacaíonn cistí feirmeoireachta an Aontais le beagnach seacht milliún tairbhí san Aontas Eorpach.
Tacaíocht ioncaim d’fheirmeoirí
In 2022, bhain níos mó ná 5.9 milliún feirmeoir tairbhe as tacaíocht ioncaim dhíreach ón gComhbheartas Talmhaíochta.
Cinntíonn tacaíocht ioncaim ioncam cobhsaí d'fheirmeoirí agus tugann sí luach saothair dóibh as aire a thabhairt don tuath agus don chomhshaol. Braitheann méid na tacaíochta go ginearálta ar mhéid na feirme i heicteáir.
Anuas ar an íocaíocht bhunúsach, cuireann an tAontas íocaíochtaí ar fáil chun cleachtais feirmeoireachta inbhuanaithe a chothú a théann chun tairbhe don ghníomhú ar son na haeráide, do chosaint an chomhshaoil agus do leas ainmhithe. Tá na héiciscéimeanna sin, mar a thugtar orthu, deonach d’fheirmeoirí.
Forbairt tuaithe
In 2022, bhain thart ar 3.5 milliún tairbhí de thionscadail an Aontais le forbairt tuaithe. Cuidíonn na tionscadail sin le hiomaíochas na feirmeoireachta agus na foraoiseachta a áirithiú, tacaíonn siad le bainistiú inbhuanaithe acmhainní nádúrtha agus le gníomhú ar son na haeráide agus cuidíonn siad le geilleagair agus pobail tuaithe a fhorbairt.
Tacaíocht don mhargadh talmhaíochta
In 2022, bhí thart ar 110,000 tairbhí de bhearta margaidh ann. Is é is aidhm do bhearta margaidh margaí talmhaíochta a chobhsú, géarchéimeanna sa mhargadh a chosc ó dhul in olcas, borradh a chur faoin éileamh agus cabhrú le hearnálacha feirmeoireachta an Aontais iad féin a chur in oiriúint níos fearr d’athruithe sa mhargadh.
Táirgeadh talmhaíochta san Eoraip i bhfigiúirí
B’fhiú €532 bhilliún táirgeadh feirmeoireachta na hEorpa in 2024. Táirgeann feirmeacha an Aontais éagsúlacht shaibhir táirgí bia, idir ghránaigh agus bhainne. Is ionann barra (lena n-áirítear glasraí, plandaí gairneoireachta, gránaigh agus torthaí i measc nithe eile) agus leath d’aschur fheirmeacha an Aontais, agus is ionann táirgí ainmhithe (bainne, feoil agus uibheacha den chuid is mó) agus thart ar 40%.
Tá reachtaíocht curtha i bhfeidhm ag an Aontas chun a chinntiú go mbeidh an bia a tháirgtear agus a dhíoltar san Aontas sábháilte le hithe. Is é is aidhm don straitéis ‘Ón bhFeirm go dtí an Forc’ de chuid an Aontais, a fógraíodh in 2020, a chinntiú go dtáirgtear bia ar bhealach níos inbhuanaithe freisin. D’iarr feisirí go laghdófaí úsáid lotnaidicídí chun cosaint níos fearr a thabhairt do phailneoirí agus don bhithéagsúlacht, go gcuirfí deireadh le húsáid cásanna i bhfeirmeoireacht ainmhithe agus go méadófaí úsáid talún don fheirmeoireacht orgánach faoi 2030.