10 mbealach a bhfuil do shaol níos éasca a bhuí leis an Aontas Eorpach 

Féach leat na buntáistí a bhaineann leis an Aontas Eorpach i do shaol laethúil: Lean Sven, Elena agus Sóifia de réir mar a théann siad ar aistear spreagúil ar fud na hEorpa. 

Tá nuacht iontach díreach faighte ag Elena: tá áit faighte aici mar mhac léinn Erasmus+ in Ollscoil Bheirlín don chéad seimeastar eile!

Ghlaoigh sí láithreach ar na cairde is fearr atá aici, Sven agus Sóifia, lena cheiliúradh. Is gearr go mbeidh an triúr acu ag imeacht ar thuras tríd an Eoraip a bhí á phleanáil acu leis na míonna.

Ar ndóigh, tá siad chun stopadh i mBeirlín anois. Tá ríméad ar Elena go mbeidh an deis aici an chathair a dtabharfaidh sí baile uirthi go gairid a nochtadh di féin!  

Staidéar a dhéanamh i dtír eile

Cláir a fhaigheann maoiniú ón Aontas, cosúil le Erasmus+, cuireann siad deiseanna ar fáil do mhic léinn staidéar nó tréimhse oiliúna a dhéanamh i dtír eile agus taithí idirnáisiúnta a fháil i 34 thír san Aontas agus níos faide i gcéin.

Is féidir leat blaiseadh a fháil de chultúr difriúil, cairde nua a dhéanamh, agus teangacha nua a fhoghlaim. Tá sé léirithe go mbíonn tionchar dearfach ag staidéar a dhéanamh i dtír eile ar ionchais fostaíochta amach romhat.  

Níl ach seachtain amháin le dul sula mbuailfidh siad bóthar. Tá sé in am fáil réidh!

Téann Elena ar líne, í ag cuardach málaí droma don dream ar fad. Aimsíonn sí soláthróir sa Rómáin agus tá na málaí atá uathu aige, iad ar fáil i rogha dathanna éagsúla.

A bhuí leis an margadh aonair, is féidir léi táirgí ar ardchaighdeán a ordú ar phraghas maith ó áit ar bith san Aontas. Is fada léi nó go dtiocfaidh a gcuid giuirléidí nua taistil.

Agus an rud is fearr? Seachas na costais seachadta, ní gá di a bheith buartha faoi tháillí breise ar bith

Cómhargadh

Is féidir le hearraí, seirbhísí, airgead agus daoine gluaiseacht faoi shaoirse i margadh aonair an Aontais, gan bacainní teicniúla, dlíthiúla ná maorlathacha.

Tá 27 dtír den Aontas agus 4 thír nach Ballstáit den Aontas iad (tá eisceachtaí áirithe ann) rannpháirteach ann.  

Bhí cuma iontach ar na málaí droma ar líne ach bíonn an baol ann i gcónaí nach mbeidh siad chomh maith agus a shíleann tú. Ach ní chuireann an méid sin isteach ná amach ar Elena nó tá a fhios aici gur féidir léi cibé rud a cheannaíonn sí a a sheoladh ar ais laistigh de 14 lá.

Ina theannta sin, tá a fhios aici go bhfuil na caighdeáin sábháilteachta agus cháilíochta le haghaidh táirgí a dhíoltar san Aontas ar na caighdeáin is fearr ar domhan. Ní féidir le monaróirí ach ábhair fhormheasta a úsáid le haghaidh gach táirge tomhaltóirí.

Mar sin, níor cheart go dtiocfadh siopadóireacht a dhéanamh san Aontas idir tú féin agus codladh na hoíche!

Is cearta an Aontais iad cearta tomhaltóirí

Cosnaíonn rialacha an Aontais tomhaltóirí ar go leor bealaí, ar líne agus as líne araon. Is féidir leat ceannacháin ar líne a sheoladh ar ais laistigh de 14 lá, gan míniú a thabhairt. Bíonn ráthaíocht dhá bhliain ar a laghad ag gach táirge.

Tá toirmeasc ar chleasa díola ionsaitheacha agus ar fhógraí míthreoracha. Thairis sin, gach táirge a dhíoltar san Aontas, ní mór dó a bheith sábháilte, agus baineann teorainneacha le ceimiceáin agus le truailleáin dhíobhálacha. 

Tá a gcuid málaí pacáilte. Tá an lá tagtha faoi dheireadh:
Tá sé in am dóibh an Eoraip a thaiscéaladh!

Caitheann an triúr cairde an oiread sin ama ag ceannach sneaiceanna, agus ba bheag nár chaill siad a dtraein, ach baineann siad amach í díreach in am. Tar éis uair an chloig, tá sé in am traein a athrú cheana féin.

Tá an chéad traein eile díreach in am agus tá suíocháin mhaithe acu freisin! An t-ádh atá orthu... Ar éigean atá Sofia in ann é a chreidiúint! Nuair a thaistil sí abhaile an mhí seo caite, bhí moill 4 uair an chloig ar a traein.

Ar a laghad, bhí sí in ann cúiteamh a éileamh, a bhuí le cearta paisinéirí an Aontais. Tá sé in ann na sneaiceanna a alpadh siar agus na chéad chúpla lá eile a leagadh amach.

An chéad stad eile: Beirlín! 

Do chearta agus tú ag taisteal

Mar phaisinéir aeir, iarnróid, loinge nó bus, tá cearta agat agus tú ag taisteal san Aontas.

D’fhéadfadh sé go mbeifeá i dteideal cúitimh agus cúnaimh má dhiúltaítear cead bordála duit, má chuirtear do thuras ar ceal, nó má bhíonn moill fhada ort.

Go tobann, ar an traein, tagann scaoll ar Sven – rinne sé dearmad a phas a thabhairt leis.

Ach cuireann Sóifia agus Elena in iúl dó gur leor a chárta aitheantais. I ndeireadh na dála, ní dhéantar seiceálacha teorann a thuilleadh i ngach mór an tAontas ar fad a bhuí le limistéar Schengen, mar sin ní bheidh orthu aon seiceálacha teorann ná custaim a dhéanamh le linn a dturais.

Ní choinneoidh rud ar bith siar iad ar a n-eachtra! 

Taisteal gan teorainneacha

Le limistéar Schengen, cuireadh deireadh le seiceálacha teorann idir 29 dtír agus is é an limistéar saoirse, slándála agus ceartais is mó ar domhan gan teorainneacha inmheánacha anois é.

Is féidir le 450 milliún Eorpach agus aon duine atá go dleathach in Schengen gluaiseacht faoi shaoirse idir na tíortha sin. Tá sé de cheart ag saoránaigh an Aontais taisteal, cónaí, obair, staidéar, post a lorg nó dul ar scor in aon Bhallstát

Nuair a bhaineann siad Beirlín amach, seiceálann na cairde isteach san óstán ar dtús ach tá a gcuid mbolg ag geonaíl. Níor leor na sneaiceanna sin a bhí acu ar an traein, agus tá bia ag teastáil uathu anois!

Buaileann siad caol díreach isteach chuig an gcúirt bhia i lár na cathrach agus caitheann siad níos mó ná uair an chloig ag spaisteoireacht thart, iad ag breathnú ar sólaistí a bhfuil cur amach acu orthu, agus cuid eile nach bhfuil feicthe acu riamh cheana.

Tá sé breá éasca íoc freisin: is féidir leo an cárta agus an t-airgead tirim a thug siad ón mbaile, ó tharla go bhfuil an dá thír mar chuid den limistéar euro.

Bon appétit! 

Airgeadra aonair

Úsáideann thart ar 347 milliún duine an euro gach lá i 20 tír Eorpach. Ní gá do thaistealaithe sna tíortha sin táillí a íoc chun airgeadraí a mhalartú.

A bhuí leis an euro, tá deireadh curtha leis na costais sin, gan trácht ar an trioblóid, rud a fhágann go bhfuil an saol níos éasca agus níos saoire do dhaoine agus do ghnólachtaí araon.

Agus iad sona sásta agus lán go béal, téann Elena, Sofia agus Sven ar ais chuig an óstán. Bíonn laethanta fada taistil tuirsiúil!

Déanann na cailíní scéalta a phostáil ar na meáin shóisialta agus féachann siad cén t-am a bheidh na músaeim ag oscailt. 

Tógann Elena luchtaire Sven ar iasacht nó tá a fón beagnach as ceallra. Níor ghá di a ceann féin a thabhairt léi chun gach rud a choinneáil luchtaithe ó tharla go bhfuil luchtaire uilíoch aonair tugtha isteach ag an Aontas. 

Idir an dá linn, cuireann Sven glaoch ar a mháthair chun lá breithe sona a ghuí uirthi. Tá áthas air gur féidir leis a liúntas sonraí nó a chuid nóiméad a úsáid thar theorainneacha san Aontas gan aon chostas breise.

Fánaíocht ar tháille baile

A bhuí le dlí de chuid an Aontais, is féidir leat do sheirbhísí fóin, teachtaireachtaí agus sonraí a úsáid faoin bplean atá agat faoi láthair le do sholáthraí gan aon chostas breise agus tú ag taisteal chuig Ballstát eile.

Leanann tú de phraghsanna intíre a íoc as glaonna, SMS agus sonraí. ‘Fánaíocht’ a thugtar air sin. 

Ní mór d’fhóin phóca, táibléid, cluasáin, luchóga agus gléasanna leictreonacha iniompartha eile a dhíoltar san Aontas tacú le luchtaire aonair (USB-C). Fágann sé sin nach gá go leor luchtairí a cheannach, go n-íoslaghdaítear dramhaíl leictreonach agus go ndéantar do shaol laethúil níos simplí.

Le linn na hoíche, mothaíonn Sóifia go bhfuil slaghdán ag teacht uirthi. Ó tharla go bhfuil fiabhras uirthi, cuidíonn an fáilteoir léi dochtúir áitiúil a aimsiú.

A bhuí leis an gcógas a fhaigheann sí uaidh, mothaíonn sí i bhfad níos fearr cheana féin tráthnóna. Ar a laghad, ní gá di a bheith buartha faoi bhille ollmhór a fháil as cuairt a thabhairt ar dhochtúir i dtír eile.

Ní raibh le déanamh aici ach a Cárta Eorpach um Árachas Sláinte a thaispeáint dó, rud a thugann rochtain di ar chúram sláinte in aon Bhallstát den Aontas faoi na coinníollacha céanna agus ar an gcostas céanna le muintir na háite.

Go raibh biseach ort go luath, a Sofia! 

Do chearta sláinte

Léiríonn an Cárta Eorpach um Árachas Sláinte go bhfuil tú clúdaithe le hárachas i mBallstát den Aontas. Tá sé saor in aisce agus is é do sholáthraí árachais sláinte náisiúnta a eisíonn é.

rochtain ag daoine a bhfuil árachas sláinte acu i mBallstát den Aontas ar chúram sláinte poiblí faoi na téarmaí céanna le daoine áitiúla le linn cuairteanna gearra ar 27 mBallstát an Aontais, chomh maith leis an Íoslainn, Lichtinstéin, an Iorua agus an Eilvéis. 

Tar éis dóibh siúl trí Gheata Brandenburg, feiceann na cairde foirgneamh a bhfuil bratacha móra Eorpacha air agus cinneann siad é a sheiceáil amach.

Siúlann siad isteach in Áras na hEorpa, mol eolais faoin Aontas Eorpach atá le fail in go leor cathracha ar fud na hEorpa, agus baineann siad triail as cuid de na cluichí idirghníomhacha. Tá Sofia ar bís foghlaim faoi na hachainíocha uile-Aontais a eagraítear i gcónaí agus a shíníonn dhá cheann atá gar dá croí.

Siúlann gach ceann acu abhaile le mála lán féiríní agus meabhrúchán ina bhféilirí chun vóta a chaitheamh sna toghcháin Eorpacha.  

Cuir do thuairim in iúl

Más saoránach de Bhallstát den Aontas thú, tá an ceart agat chun páirt ghníomhach a ghlacadh i saol polaitiúil an Aontais. Is féidir leat cur le beartais agus dlíthe an Aontais agus trácht a dhéanamh orthu trí chomhairliúcháin phoiblí, achainíocha ar fud an Aontais agus painéil saoránach.

Is féidir leat freisin do thuairim a chur in iúl ach vóta a chaitheamh i dtoghcháin sa tír a bhfuil cónaí ort agus i dtoghcháin Eorpacha. 

Ní a fhios ag a chairde go fóill, ach tá Sven ag smaoineamh ar bhogadh go Beirlín le dul ag obair ann.

Agus duine dá chairde is fearr ann, is cinnte go mbeadh sé níos éasca agus níos spraíúla socrú isteach sa chathair nua sin. Taitníonn an méid atá feicthe aige le linn a dturais, ach is mian leis freisin idir thaitneamh agus tairbhe a bhaint as na cathracha eile a dtabharfaidh siad cuairt orthu.

Tá a fhios ag Sven gur pribhléid é gur féidir leis, mar shaoránach den Aontas, obair agus cónaí áit ar bith san Aontas. Tá sé réidh dá eachtra féin, agus é féin á thumadh isteach i gcultúr agus i stíl mhaireachtála tíre eile.

B’fhéidir go dtitfidh sé i ngrá leis an gcéad stad eile: Prág 

Obair a dhéanamh i dtír eile 

Tá na milliúin saoránach den Aontas ina gcónaí nó ag obair i mBallstát eile Tá an ceart ag gach saoránach den Aontas chun dul i mbun staidéir, oibre nó dul ar scor in aon Bhallstát den Aontas gan gá le ceadanna.

I d’ionad oibre i dtír eile, tá na cearta céanna agat agus atá ag náisiúnaigh na tíre sin ar phá, sláinte agus sábháilteacht, slándáil shóisialta agus cánacha. Ina theannta sin, fágann comhaontuithe i measc Bhallstáit den Aontas chun cáilíochtaí gairmiúla a aithint go bhfuil sé níos éasca post a fháil i mBallstát eile. 