Na Feisirí de Pharlaimint na hEorpa 

Tá 720 Feisire i bParlaimint na hEorpa a thoghtar sna 27 mBallstát den Aontas Eorpach.

Feisirí ina suí laistigh den seomra tionóil le linn suí iomlánach Pharlaimint na hEorpa in Strasbourg 

Conas a bheith i d’Fheisire?

Ó 1979 ar aghaidh, déantar Feisirí a thoghadh ar feadh tréimhse cúig bliana trí vótáil chomhchoiteann dhíreach.

Déanann gach tír a rogha féin maidir leis an gcineál toghcháin a bheidh acu ach tá na toghchórais ar fad bunaithe ar ionadaíocht chionmhar, rud a chiallaíonn go mbeidh líon na bhFeisirí a thoghtar i bpáirtí polaitíochta amháin i gcomhréir le líon na vótaí a fhaigheann an páirtí sin.

Reáchtálfar na chéad toghcháin Eorpacha eile ón 6-9 Meitheamh. Toghfar 720 Feisirí ar an iomlán, 15 níos mó ná na toghcháin roimhe seo.

Caith súil ar shuíomh na dtoghchán Eorpach agus cláraigh anseo chun meabhrúcháin vótála a fháil.

Conas a dháiltear na suíocháin?

Comhaontaítear líon na bhFeisirí a thoghtar i ngach tír san Aontas roimh thús gach toghchán, rud atá bunaithe ar phrionsabal na comhréireachta céimlaghdaithí agus a chiallaíonn go ndéanann gach Feisire i dtír níos mó ionadaíocht ar níos mó daoine ná mar a dhéanann Feisire i dtír níos lú.

Déantar idirdhealú idir Feisirí ar bhonn dáimh pholaitiúil seachas náisiúntacht agus téann siad isteach mar bhaill de ghrúpaí polaitiúla a bhfuil ionadaithe acu i dtíortha éagsúla - Féach ar líon na bhFeisirí in aghaidh na tíre agus de réir grúpa polaitiúil.

Bhí timpeall 40% d’fheisirí ina mná i bhFeabhra 2024. Tuilleadh eolais maidir le mná i bParlaimint na hEorpa inár ngrafaic eolais.

Tuilleadh eolais maidir leis na Feisirí iad fhéin agus an méid a dhéanann siad sa Pharlaimint ar shuíomh na bhFeisirí.

Cad a dhéanann Feisirí? 

Bíonn Feisirí ag obair ar son shaoránaigh an Aontais. Bíonn ról lárnach acu i gcruth a chur ar rialacha AE agus a vóta á chaitheamh acu ar na tograí reachtacha a chuireann an Coimisiún Eorpach faoi bhráid na Parlaiminte. Ansin, déantar idirbheartaíocht leis an gComhairle maidir leis an téacs deiridh a dhéanfaidh ionadaíocht ar thíortha an Aontais. Is féidir leo iarraidh ar an gCoimisiún reachtaíocht a mholadh agus a sheasamh a chur in iúl ar fhadbanna trí rúin a ghlacadh.

Seachas a bheith ag obair ar reachtaíocht, bíonn ar na Feisirí:

  • maoirseacht a dhéanamh ar obair an Choimisiúin agus institiúidí eile an Aontais
  • mionscrúdú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bpolasaithe atá ag an Aontas
  • cinntí a dhéanamh maidir leis an mbuiséad bliantúil in éineacht leis an gComhairle
  • a vóta a chaitheamh chun uachtarán an Choimisiúin a thoghadh agus chun a gcuid tacaíochta a thabhairt do na coimisinéirí ar fad
  • an ceart a bheith acu diúltú don Choimisiún

Ní mór do na Feisirí cloí leis na rialacha maidir le heiticí agus trédhearcacht