Bunaíonn Parlaimint na hEorpa Ord Fiúntais na hEorpa
Chun 75 bliana ó Dhearbhú Schuman a chomóradh, bunaíonn Parlaimint na hEorpa Ord Fiúntais na hEorpa, an chéad gradam Eorpach dá leithéid.
Sula ndéanfar 75 bliana ó Dhearbhú Schuman – nuair a cuireadh tús leis an aontacht Eorpach – a cheiliúradh, tá cinneadh déanta ag Biúró Pharlaimint na hEorpa Ord Fiúntais na hEorpa a bhunú - an chéad ghradam Eorpach dá leithéid arna bhronnú ag Institiúd Eorpach.
Leis an ngradam sibhialtach nua seo, onórfar daoine aonair atá tar éis cur leis an imeascadh Eorpach agus le luachanna Eorpacha ar shlí bunúsach. Bronnann na Ballstáit go léir - seachas Éire[1] - gradaim naisiúnta, rud a léiríonn comhthiomantas ar fud an Aontais sármhaitheas agus luach saothair a aithint agus comóradh a dhéanamh ar ghníomhartha a chuireann leis an tsochaí. Níl aon ghradham dá leithéid ann ar an leibhéal Eorpach faoi láthair. Tá sé mar aidhm an bhearna sin a líonadh leis an Ord Fiúntais Eorpach, trína ndéanfar céannacht chomhroinnte Eorpach a dhearbhú, tráth is gá aontacht níos láidre mar gheall ar dhúshláin dhomhanda.
‘Is é a pobal a thógann an Eoraip agus is dóibhsean Ord Fiúntais na hEorpa’, arsa an tUachtarán Metsola. ‘Déanann an tOrd seo ceiliúradh ar na daoine sin a bhíonn cróga agus iad i gceannas, a bhíonn ag gníomhú go diongbháilte agus a chreideann — ar nós Robert Schuman — gur mó ná idéil iad an tsíocháin, an daonlathas agus an dínit - gur gníomhartha iad. Mar chomóradh ar 75 bliana ó bhunú misniúil an Aontais, tugaimid ómós dóibh siúd atá fós á thógáil.’
Féadfaidh Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, Uachtarán na Comhairle Eorpaí, Uachtarán an Choimisiúin Eorpaigh, Cinn Stáit nó Rialtais, agus Cainteoirí pharlaimintí náisiúnta an Bhallstáit tograí a dhéanamh maidir le ceapachán don Ordú. Gach bliain ansin, déanfaidh coiste tiomnaithe a bheidh comhdhéanta d’Uachtarán Pharlaimint na hEorpa, beirt Leas-Uachtarán agus ceathrar Eorpach mór le rá 20 buaiteoir ar a mhéad a ainmiú.
Meastar go dtarlóidh an chéad searmanas bronnta faoi 2026 ar a dhéanaí.
Leis an tionscnamh seo, tá Parlaimint na hEorpa ag tabhairt ómós do spiorad marthanach na haontachta Eorpaí — óna tús tar éis an chogaidh go dúshláin an lae inniu.
[1] Níl córas d’oird náisiúnta ag Éirinn; ina áit, bronnann sí teidil agus gradaim oinigh, amhail Gradam Scothsheirbhíse an Uachtaráin do na hÉireannaigh Thar Lear.
Teagmhálacha:
-
Delphine COLARD
Spokesperson of the European Parliament and Head of Spokesperson’s Unit