Duaiseanna 

Ní ag rith reachtaíochta amháin a bhítear i bParlaimint na hEorpa. Féachtar chomh maith leis an dea-rud a chur chun cinn. Gach bliain, bronnann sí trí dhuais, chun aitheantas a thabhairt do shármhaitheas i dtionscadail don óige, i gcearta an duine agus sa scannánaíocht. Bíonn deis leis sin aird a dhíriú ar na daoine agus na heagraíochtaí a oibríonn go crua chun an saol a dhéanamh beagán níos fearr agus daoine eile a spreagadh chun a sampla sin a leanúint.

  • Duais Eorpach Charlemagne don Óige - do na hEorpaigh óga sárspreagtha go léir 

    Bronntar Duais Charlemagne don Óige ar thionscadail arna reáchtáil ag daoine óga agus a chuireann chun cinn an tuiscint Eorpach agus idirnáisiúnta. Leagann an duais béim ar an obair laethúil a bhíonn ar bun ag daoine óga ar fud na hEorpa chun an daonlathas Eorpach a neartú agus tacaíonn sí lena rannpháirtíocht ghníomhach chun Eoraip na todhchaí a mhúnlú.

    Parlaimint na hEorpa agus Fondúireacht Dhuais Idirnáisiúnta Charlemagne Aachen a bhronnann na duaiseanna i gcomhar gach bliain agus tá duais €7500 don tionscadal is fearr, €5000 don dara ceann agus €2500 don tríú ceann. Mar chuid den duais, tugann an trí bhuaiteoir ar an ngearrliosta deireanach buaiteoirí cuairt ar Pharlaimint na hEorpa (sa Bhruiséil nó i Strasbourg). Tugtar cuireadh d'ionadaithe ó gach ceann de 27 tionscadal náisiúnta a roghnaítear ar thuras ceithre lá go Aachen sa Ghearmáin.

    An bhfuil tusa i do chónaitheoir san Aontas Eorpach, an bhfuil tú idir 16-30 bliain d'aois agus an bhfuil tú ag obair ar thionscadal a thugann an Eoraip le chéile? Cuir do thionscadal isteach ar Dhuais Eorpach Charlemagne don Óige agus faigh tacaíocht chun do thionscnamh a fhorbairt.


      
  • Duais Sakharov um shaoirse smaointeoireachta 

    Bronntar duais Sakharov mar gheall ar éacht faoi leith i gceann de na réimsí seo a leanas:

    • cearta an duine agus saoirsí bunúsacha a chosaint, go háirithe an ceart chun saoirse cainte,
    • cearta mionlaigh a chosaint,
    • meas ar an dlí idirnáisiúnta,
    • an daonlathas a thabhairt chun cinn agus riail an dlí a chur i bhfeidhm.
      
  • Gradam Lucht Féachana LUX ag tacú leis an gcultúr agus le hEorpaigh a nascadh le chéile 

    Ó 2007, tá Duais Scannánaíochta LUX de chuid Pharlaimint na hEorpa ag leanúint d’athmhuintearas cultúrtha a chruthú ar fud na hEorpa, trí aird a tharraingt ar scannáin a théann go croílár na díospóireachta poiblí san Eoraip.

    I mí Mheán Fómhair 2020, rinneadh Gradam Lucht Féachana LUX de Dhuais Scannánaíochta LUX. Ba iad Parlaimint na hEorpa agus Acadamh na Scannán Eorpach a sheol é, i gcomhpháirtíocht leis an gCoimisiún Eorpach agus Europa Cinemas.

    Is é is cuspóir don ghradam nua naisc idir na saoránaigh agus a n-ionadaithe polaitiúla a threisiú, trína iarraidh ar lucht féachana na hEorpa a bheith ina mball den ghiúiré scannán is nó san Eoraip agus vóta a chaitheamh ar son na scannán is fearr leo. Tá sé mar aidhm leis freisin spreagadh a thabhairt do dhaoine dul go dtí an phictiúrlann chun féachaint ar scannáin spreagúla na hEorpa agus páirt a ghlacadh i ndíospóireachtaí faoin Eoraip. Tarraingíonn na scannáin roghnaithe aird ar chuid de phríomh-shaincheisteanna sóisialta, polaitiúla agus stairiúla an lae inniu, agus léiríonn siad áilleacht agus éagsúlacht scannánaíocht na hEorpa.

    Is iad an pobal agus Feisirí de Pharlaimint na hEorpa (a bhfuil 50 % den vóta ag gach grúpa) a roghnaíonn an scannán buaiteach.

    Chun tuilleadh eolais a fháil faoin eagrán reatha, tabhair cuairt ar: luxaward.eu.