An Pharlaimint ar na meáin shóisialta 

Déanann Parlaimint na hEorpa ionadaíocht ar shaoránaigh Eorpacha. Tríd obair a dhéanamh ar bheartais cosúil le hathrú na haeráide, cearta digiteacha agus fás geilleagrach, i measc cinn eile, bíonn tionchar díreach ag obair na Parlaiminte ar obair laethúil daoine Eorpacha.

Toisc go bhfuil an Pharlaimint dírithe ar dhaoine a choimeád ar an eolas faoi na cinntí a dhéanann sí ionas go mbeidh saoránaigh Eorpacha rannpháirteach ina dtodhchaí féin, bíonn cuntais aici ar a lán ardán ar na meáin shóisialta toisc go mbaineann a lán daoine úsáid astu chun eolas a lorg.

I measc na spriocanna atá aici, tá:

  • eolas fíriciúil agus iontaofa a chur ar fáil faoin méid atá á dhéanamh ag an bParlaimint agus an tábhacht a bhaineann lena cuid oibre
  • an Pharlaimint a thaispeáint mar institiúid oscailte atá gar do dhaoine Eorpacha agus a dhéanann cinntí tábhachtacha ar a son
  • cuireadh a thabhairt do shaoránaigh imeachtaí tábhachtacha agus díospóireachtaí a leanúint, ag tabhairt seans do gach éinne eolas a chur ar an bpróiseas cinnteoireachta
  • daoine nua a mhealladh agus spreagadh a thabhairt dóibh trí phobail ghníomhacha a chruthú.


Tá cuntais cruthaithe ag an bParlaimint ar ardáin éagsúla chun nasc a chruthú le pobail éagsúla, le hiarracht á déanamh aici labhairt i dteangacha éagsúla an Aontais agus díriú ar na hábhair is mó spéise dóibh.

Cuireann cainéil na Parlaiminte nuacht agus físeáin ar fáil ó sheisiúin iomlánacha, cruinnithe coistí agus imeachtaí éagsúla. Bíonn cuntais ar leith ag oifigí idirchaidrimh na Parlaiminte i ngach tír AE chun comhthéacs áitiúil a thabhairt do dhaoine faoin méid a tharlaíonn san Aontas agus chun spreagadh a thabhairt dóibh pobail a chruthú ar na hardáin shóisialta a úsáideann siad.

Facebook

@europeanparliament

Lean cuntas Pharlaimint na hEorpa ar Facebook chun uasdátaí rialta a fháil ar an méid atá á dhéanamh aici. Foghlaim faoin réimse leathan ábhar a bhfuil an Pharlaimint dírithe orthu chun freastal ar na ceisteanna is tábhachtaí duit.

Déan nasc leis an bpobal sna tráchtanna agus, má bhíonn ceist ar bith agat, ná bíodh moill ort í a chur.

Mar a dhéantar ar chuntais eile, cruthaíonn an Pharlaimint ábhair i do theanga ar chuntais a n-oifigí idirchaidrimh. Caith súil ar an liosta thíos chun teacht ar gach ceann acu:

Instagram

@europeanparliament

Bí ar an eolas faoin nuacht is déanaí ón bParlaimint tríd a cuntas Instagram a leanúint.

Is féidir foghlaim faoi thopaicí tábhachtacha i mbealach taitneamhach agus tarraingteach le ríleanna dinimiciúla agus ábhar faiseanta. Tugtar léargas ar leith ar an bpróiseas cinnteoireachta chun cuidiú leat tuiscint a fháil ar na polasaithe a mbíonn tionchar acu ar thodhchaí na hEorpa.

Cuir do thuairim in iúl faoi na hábhair is mó spéise duit agus roinn ábhar na Parlaiminte le do chairde agus do theaghlach!

LinkedIn

@European Parliament

Déan nasc leis an bParlaimint ar LinkedIn chun an t-eolas is déanaí a fháil faoi bheartais agus faoi na cinntí is tábhachtaí a dhéantar.

Cláraigh anseo lenár nuachtlitir mhíosúil a fháil ina roinntear an t-eolas is déanaí ó Pharlaimint na hEorpa.

Cuir eolas ar thopaicí éagsúla, glac páirt i bpobalbhreitheanna agus bí ar an eolas faoi dheiseanna fostaíochta.

YouTube

@europeanparliament

Is féidir teacht ar gach eolas maidir le conas a fheidhmíonn Parlaimint na hEorpa agus AE ar an gcainéal YouTube.

Foghlaim faoin tslí a théann obair na Parlaiminte chun do leasa agus lean na díospóireachtaí agus na himeachtaí is tábhachtaí beo.

X

@Europarl_EN

Lean cuntais X na Parlaiminte chun an t-eolas is déanaí a fháil ó Pharlaimint na hEorpa.

Cas d’fhógraí ar siúl chun go mbeidh tú ar cheann de na chéad daoine atá ar an eolas!

Cainéalacha WhatsApp

Parlaimint na hEorpa

Bí ar an eolas faoi Pharlaimint na hEorpa ar WhatsApp. Lean a chainéal agus bí cinnte na fógraí a bheith casta ar siúl agat chun nuacht a fháil in am faoi dhíospóireachtaí tábhachtacha, dul chun cinn reachtach agus na fógraí is déanaí. Is é an bealach is éasca chun fanacht suas chun dáta!

Cuir do thuairimí in iúl i bpobalbhreitheanna agus foghlaim faoin tionchar a imríonn an Pharlaimint ar thodhchaí na hEorpa.

Threads

@europeanparliament

Téigh chuig cuntas Threads na Parlaiminte chun na huasdátaí agus na staitisticí is déanaí a fháil, chomh maith le heolas suimiúil eile faoin bParlaimint agus AE, i 500 carachtar nó níos lú.

Freagair ceisteanna, glac páirt i bpobalbhreitheanna agus cuir do thuairimí in iúl faoi na topaicí is tábhachtaí duitse – glacann foireann mheán sóisialta na Parlaiminte páirt sa chomhrá sna tráchtanna chomh maith!

Bluesky

@europarl.europa.eu

Lean Parlaimint na hEorpa ar Bluesky chun fanacht ar an eolas maidir leis an méid atá á dhéanamh aici agus chun eolas a chur ar na cinntí a mbíonn tionchar acu ar thodhcaí na hEorpa.
Glac páirt sa chomhrá, cuirigí bhur dtuairimí in iúl dúinn agus labhair le daoine eile faoi na hábhair is mó spéise daoibh.

TikTok

@europeanparliament

Lean an Pharlaimint ar TikTok chun cur chuige nua a fháil!

Bain leas as físeáin ghearra agus suimiúla ina leagtar béim ar na hábhair is tábhachtaí agus a mhíníonn conas a théann na cinntí a dhéantar sa Pharlaimint i bhfeidhm ortsa. Feicfear cad a tharlaíonn sa chúlra i mbealach níos spraoiúla agus níos dinimiciúla.

Bí linn i bpobal TikTok agus roinn bhur físeáin fhéin chun teachtaireacht na Parlaiminte a scaipeadh go forleathan!

Pinterest

@europeanparliament

Féach trí chláir Pinterest na Parlaiminte chun teacht ar ghrafaicí faisnéise, grianghraif ealaíonta agus réimse leathan ábhair oideachais ó Pharlaimint na hEorpa. Tar ar inspioráid, fan ar an eolas agus cuir do thuairim in iúl faoin nuacht is déanaí.

Ná déan dearmad ár gcuntas a leanúint agus na rudaí is fearr leat a phionnáil. Sa tslí sin, ní bheidh aon deacracht agat teacht ar an ábhar sin arís!

Flickr

@europeanparliament

An bhfuil grianghraif á lorg agat ó sheisiúin iomlánacha, imeachtaí eile de chuid na Parlaiminte, nó an bhfuil suim agat léargas a fháil ar an méid a tharlaíonn sa chúlra? Caith súil ar obair ghrianghrafadóirí na Parlaiminte agus téigh trí na halbaim éagsúla.

Bíonn formhór na ngriangrafanna saor in aisce le haghaidh cuspóirí neamhthráchtála, fad agus a n-aithnítear Parlaimint na hEorpa mar an fhoinse.

Reddit

@europeanparliament

Lean cuntas Reddit na Parlaiminte chun an nuacht is déanaí a fháil faoi Pharlaimint na hEorpa agus a beartais. Roghnaigh na topaicí is tábhachtaí duit trí thráchtanna a chur ar na foilseacháin.

Spotify

@European Parliament

Lean an Pharlaimint ar Spotify chun teacht ar sheinnliostaí atá bunaithe ar imeachtaí tábhachtaí AE agus bí ag súil le podchraoltaí suimiúla. Éist isteach agus bí cinnte gach áis a roinnt le bhur gcairde!