Trédhearcacht maidir leis an Liúntas Caiteachais Ghinearálta 

Tá sé beartaithe go gcumhdófar leis an liúntas caiteachais ghinearálta a dheonaítear d’Fheisirí, inter alia, speansais amhail costais reatha oifige agus cothabhála oifige, soláthairtí agus doiciméadacht oifige, costais trealaimh oifige, gníomhaíochtaí ionadaíochta nó costais riaracháin.

Féadfaidh Feisirí iniúchadh nó deimhniú deonach a fhoilsiú ar a leathanach féin de chuid leathanaigh phróifíle na bhFeisirí ar shuíomh gréasáin na Parlaiminte go gcomhlíonann an úsáid a bhaineann siad as an liúntas caiteachais ghinearálta rialacha infheidhme Reacht na bhFeisirí agus a bhearta cur chun feidhme.

Tá siad in ann é sin a dhéanamh trí fhoirm dheimhniúcháin a úsáid agus doiciméid tacaíochta a uaslódáil. (Féach Riail 11 (2) de na Rialacha Nós Imeachta.

Faigh tuilleadh eolais ar an Liúntas Caiteachais Ghinearálta, tuarastail agus bronntanais.