Féadfaidh imeachtaí amhail comhdhálacha, díospóireachtaí, seimineáir, scoileanna samhraidh, etc. pátrúnacht na Parlaiminte a fháil, ar choinníoll go bhfuil gné shoiléir Eorpach ag baint leo, go háirithe trí aird a tharraingt ar ról agus rannchuidiú Pharlaimint na hEorpa nó an Aontais sa réimse lena mbaineann, agus go bhfuil for-rochtain shuntasach agus ardcháilíochta acu. Ina theannta sin, ní mór an dáta/na dátaí agus an áit a dheimhniú, agus tá an tréimhse teoranta. Ní mór go mbeadh na himeachtaí neamhbhrabúsach.
Tugtar aird ar leith ar a mhéad a ardaíonn an ócáid feasacht ar dhaonlathas parlaiminteach na hEorpa agus a chothaíonn saoránacht ghníomhach Eorpach, agus a dhéanann cearta bunúsacha, comhionannas inscne, neamh-idirdhealú agus cuimsiú sóisialta a chur chun cinn. Tugtar aird ar leith freisin ar imeachtaí a eagraíonn pobal na hóige, nó atá dírithe orthu.
Ní féidir pátrúnacht a dheonú d’imeachtaí de chineál tráchtála nó chun críche tráchtála a bhfuil sé mar aidhm leo brandaí nó aon chineál gníomhaíochta tráchtála a fhógairt nó a chur chun cinn, go díreach nó go hindíreach, d’imeachtaí de chineál páirtípholaitiúil, lena n-áirítear tiomsú airgid chun críoch polaitiúla agus gnáthghníomhaíochtaí nó gníomhaíochtaí inmheánacha ceardchumann nó páirtithe polaitiúla. Eisiatar imeachtaí agus/nó eagraithe a bhaineann an bonn ó bhunluachanna daonlathacha agus ó phrionsabail an Aontais Eorpaigh freisin.
Más rud é nach gcomhlíontar na coinníollacha incháilitheachta a thuilleadh le himeacht a bhfuil pátrúnacht deonaithe ag an bParlaimint ina leith faoi na rialacha, féadfaidh an tUachtarán an cinneadh chun pátrúnacht a dheonú a tharraingt siar tráth ar bith.
Ní fhágann an phátrúnacht aon oibleagáid airgeadais ar an bParlaimint ná ní thugann an phátrúnacht sin ceart don tairbhí úsáid a bhaint as áitreabh na hinstitiúide. Le haghaidh tuilleadh faisnéise maidir leis na coinníollacha lena rialaítear pátrúnacht Pharlaimint na hEorpa féach ar na Rialacha thíos.