Acht Eorpach Aonair 

Leathanach an tsínithe den Ionstraim Eorpach Aonair 

Cuireadh tús leis an gcéad Chomhdháil Idir-Rialtasach faoi chathaoirleacht na hIodáile an 9 Meán Fómhair 1985

Athruithe móra i bParlaimint na hEorpa

Rinne an Ionstraim Eorpach Aonair leasuithe ar na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus is leis an ionstraim sin a bunaíodh comhar polaitiúil Eorpach.

Ar theacht i bhfeidhm don Ionstraim Eorpach Aonair (IEA), rinneadh teideal oifigiúil den teideal ‘Parlaimint na hEorpa’ (a bhíodh in úsáid ag an Tionól ó 1962). Mhéadaigh IEA freisin cumhachtaí reachtacha na Parlaiminte nuair a tugadh isteach nós imeachta an chomhair agus nós imeachta an aontaithe.

  • Arna shíniú in: Lucsamburg (Lucsamburg) an 17 Feabhra 1986 agus sa Háig (an Ísiltír) an 28 Feabhra 1986
  • Teacht i bhfeidhm: 1 Iúil 1987