Conradh Pháras 

Síniú Chonradh Pháras
 

Shínigh an Bheilg, an Fhrainc, Poblacht Chónaidhme na Gearmáine, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Ghual agus Cruach (CEGC) i bPáras. Tréimhse feidhme de 50 bliain a bhí aige. Is é an conradh seo a bhunaigh Tionól Parlaiminteach na hEorpa, lena chomhaltaí roghnaithe ag parlaimintí náisiúnta. . Bhí an ceart ag an Tionól an tArd-Údarás (réamhtheachtaí an Choimisiúin atá inniu ann) a chur as oifig.

  • Arna shíniú in: Páras (An Fhrainc) an 18 Aibreán 1951
  • Teacht i bhfeidhm: 23 Iúil 1952
  • Dul in éag: 23 Iúil 2002