Conradh na Róimhe
Conradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa
Síníodh dhá chonradh an 25 Márta 1957 - an Conradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa (CEE) agus an Conradh ag bunú an Chomhphobail Eorpaigh do Fhuinneamh Adamhach (CEFA nó Euratom).
Chruthaigh an Conradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa margadh comónta i measc na sé thír a raibh rannpháirteach ann (an Bheilg, an Fhrainc, an Ghearmáin, an Iodáil, Lucsamburg agus an Ísiltír). Bhí sé mar aidhm aige naisc níos dlúithe a chothú agus borradh a chur faoin bhfás geilleagrach trí níos mó trádála a dhéanamh.
Laistigh den dá Chomhphobal nua, is í oComhairle na nAirí a ghlacfadh cinntí bunaithe ar thogra ón gCoimisiún. Chuadar i gcomhairle leis an Tionól Parlaiminteach agus thug an Tionól a thuairimí uaidh don Chomhairle. Mhéadaigh an líon comhaltaí sa Tionól go dtí 142 comhalta.
Bhí a chéad sheisiún ag Tionól Parlaiminteach na hEorpa an bhliain dar gcionn, an 19 Márta 1958. Le Conarthaí na Róimhe, rinneadh foráil shonrach go ndéanfaí na comhaltaí a thoghadh go díreach (cuireadh an fhoráil sin chun feidhme i 1979).
- Arna shíniú in: An Róimh (An Iodáil) 25 Márta 1957
- Teacht i bhfeidhm: 1 Eanáir 1958