Athbhreithniú ar Thoghcháin Eorpacha agus Náisiúnta 2024
Is é ‘Athbhreithniú ar Thorthaí na dToghchán Eorpach agus Náisiúnta’ de Pharlaimint na hEorpa an fhoinse sonraí is iomláine agus is cuimsithí ar fhorbairtí ar fud an speictrim pholaitiúil san Aontas, ina rianaítear comhdhéanamh dinimiciúil Pharlaimint na hEorpa thar am. Agus sonraí ann a théann siar go dtí na chéad toghcháin dhíreacha chun Parlaimint na hEorpa in 1979, is foinse tagartha riachtanach é an "tAthbhreithniú" i dtaobh chomihdhéanamh Pharlaimint na hEorpa agus na dtírdhreacha polaitiúla náisiúnta.
In eagrán Mheán Fómhair 2024, nuashonraítear na hathruithe uile ar chomhdhéanamh Pharlaimint na hEorpa ag tús a 10ú téarma. Cuirtear faisnéis ar fáil ann faoi Fheisirí na Parlaiminte nua de réir tíre, inscne, grúpa polaitiúil agus cleamhnacht páirtí mar a bhí ag a seisiún bunaitheach an 16/07/2024.