Ceisteanna Coitianta faoin euro digiteach
Nuashonraithe an 17 Lúnasa 2026
Cuspóir agus tairbhí an euro dhigitigh
- Cén fáth a bhfuil an euro digiteach de dhíth ar an Eoraip?
- Conas a d’fhéadfadh an euro digiteach borradh a chur faoi neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa?
- Cén fáth a mbeadh daoine ag iarraidh an euro digiteach a úsáid?
- An dtiocfadh an euro digiteach in ionad airgead tirim?
- Cén luach a chuirfeadh an euro digiteach ar fáil do cheannaithe?
- Cén luach a chuirfeadh an euro digiteach ar fáil do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta?
Cur chun feidhme agus feidhmiúlacht
- Conas a d’oibreodh an euro digiteach?
- Cé a bheadh in ann an euro digiteach a úsáid?
- Cé chomh príobháideach is a bheadh an euro digiteach?
- Conas a chinnteodh an Banc Ceannais Eorpach go mbeadh an euro digiteach ionchuimsitheach agus inrochtana?
- Conas a chinnteodh an Banc Ceannais Eorpach go n-oibreodh íocaíochtaí sa euro digiteach ar an mbealach céanna ar fud an limistéir euro?
- An airgeadra malartach a bheadh san euro digiteach laistigh den Eurochóras?
- Cén nasc a bheadh idir íocaíochtaí láithreacha agus an euro digiteach?
- Conas a d’oibreodh ailtireacht theicniúil an euro dhigitigh, agus an mbeadh sé bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte amhail blocshlabhra?
Dul chun cinn agus páirtithe leasmhara
- Cén staid ag a bhfuil tionscadal an euro dhigitigh faoi láthair?
- Céard é scéim phíolótach an euro dhigitigh?
- Cé atá páirteach i dtionscadal an euro dhigitigh?
- Conas a bhíonn reachtóirí Eorpacha rannpháirteach sa phróiseas?
- Cén chaoi a bhfuil leabhar rialacha scéim an euro dhigitigh á fhorbairt?
Tionchar agus breithnithe
- An mbeadh an euro digiteach ina airgead inríomhchláraithe?
- An mbeadh ar dhaoine íoc as an euro digiteach a úsáid?
- Conas a bhaineann tionscnaimh íocaíochta uile-Eorpacha eile leis an euro digiteach?
- An gcúiteofaí soláthraithe seirbhíse íocaíochta (PSPanna) as an euro digiteach a dháileadh?
- An mbeadh an euro digiteach ina bhagairt ar an gcobhsaíocht airgeadais trí dhí-idirghabháil a dhéanamh ar bhainc?
- An ndéanfadh tabhairt isteach an euro dhigitigh íocaíochtaí san Eoraip níos leochailí i dtaobh cibirionsaithe?
- Cén chaoi a mbeadh an euro digiteach éagsúil le cripteamhona cobhsaí agus le criptea-shócmhainní?
- Cé mhéad a chosnódh tionscadal an euro dhigitigh ar an Eurochóras?
C1. Cén fáth a bhfuil an euro digiteach de dhíth ar an Eoraip?
Agus íocaíochtaí digiteach ag éirí níos coitianta sa saol inniu, tá meath ag teacht ar úsáid an airgid thirim agus dlús á chur leis an athrú i dtreo siopadóireachta ar líne. Bheadh an euro digiteach ina fhoirm dhigiteach airgid thirim, rud a thabharfadh rochtain do thomhaltóirí ar airgead bainc ceannais agus a chuirfeadh le nótaí bainc agus boinn.
Dhéanfadh an euro digiteach an saol níos éasca do dhaoine trí rud éigin nach ann dó faoi láthair a sholáthar: modh íocaíochta digiteach a nglactar go huilíoch leis ar fud an limistéir euro, le haghaidh íocaíochtaí i siopaí, ar líne nó ó dhuine go duine.
Cosúil le hairgead tirim, bheadh an euro digiteach inrochtana go héasca, saor in aisce le húsáid agus íocaíochtaí á ndéanamh nó á bhfáil agus bheadh stádas dlíthairisceana aige. Chuirfeadh sé ardleibhéal slándála agus príobháideachas ar fáil agus déanfar cinnte leis an bhfeidhm as líne go mbeidh sé ar fáil i gcónaí, fiú nuair atá saincheisteanna nascachta nó gearrthacha cumachta sealadacha ann.
Thairis sin, chaomhnódh an euro digiteach ceannasacht airgeadaíochta an limistéir euro agus neartódh sé uaththriail straitéiseach na hEorpa trí bhorradh a chur faoi éifeachtúlacht éiceachóras íocaíochtaí na hEorpa ina iomláine, rud a chothódh nuálaíocht agus a chuirfeadh lena hathléimneacht i gcoinne cibirionsaithe agus suaitheadh teicniúil.
Go bunúsach, dhéanfadh an euro digiteach íocaíochtaí níos simplí, níos sábháilte agus níos éifeachtúla, agus áiritheofar leis ag an am céanna gur féidir le muintir na hEorpa agus gnólachtaí tairbhe a bhaint as modh íocaíochta sa ré dhigiteach atá iontaofa agus a sheasfadh an aimsir. Agus é ag cur le hairgead tirim, chuirfeadh sé saoirse do mhuintir na hEorpa an rogha íocaíochta a dhéanamh.
Tuilleadh eolais faoin gcúis a bhfuil euro digiteach de dhíth orainn.
C2. Conas a d’fhéadfadh an euro digiteach borradh a chur faoi neamhspleáchas straitéiseach na hEorpa?
Chuirfeadh an euro digiteach réiteach íocaíochta uile-Eorpach ar fáil, a bheadh ar fáil ar fud an limistéir euro, faoi rialachas Eorpach agus á oibriú ag soláthraithe Eorpacha.
Faoi láthair, tá íocaíochtaí digiteacha sa limistéar euro ilroinnte i gcónaí, agus iad éagsúil ó thír go tír agus de réir an cháis úsáide. Mar shampla, i gcás 60% de thíortha sa limistéar euro, níl córas íocaíochta náisiúnta féin acu le haghaidh íocaíochtaí i siopaí. Agus i gcás na gceann a bhfuil réitigh den sórt sin acu, ní fhreastalaítear leo ach sa tír agus ar chásanna úsáide sonracha amháin.
Ciallaíonn sin nach bhfuil an rogha ag tomhaltóirí na hEorpa ach brath ar líon beag cuideachtaí neamh-Eorpacha leis an tionchar sa mhargadh nuair a dhéanann siad íocaíocht laistigh dá dtír dúchais agus le haghaidh íocaíochtaí trasteorann laistigh den limistéar euro. Cabhródh an euro digiteach le spleáchas na hEorpa ar sholáthraithe seirbhísí íocaíochtaí neamh-Eorpacha a laghdú trí rogha malartach Eorpach a chur ar fáil agus rogha níos mó a sholáthar do dhaoine conas a dhéanann siad íocaíocht.
Trí chaighdeáin oscailte agus trí bhonneagar poiblí a sholáthar le haghaidh íocaíochtaí digiteacha, leis an euro digiteach d’fhéadfaí a chur ar chumas soláthraithe uas-scálú a dhéanamh go héasca chuig réitigh uile-Eorpacha, rud a d’fhágfadh go mbeadh tírdhreach íocaíochtaí na hEorpa níos iomaíche agus níos nuálaí.
Ar an iomlán, d’fhéadfadh an euro digiteach an Eoraip a iompú ina ceannródaí domhanda san airgeadas digiteach, áit a bhfónfadh an nuálaíocht do leas an phobail.
C3. Cén fáth a mbeadh daoine ag iarraidh an euro digiteach a úsáid?
Bheadh an euro digiteach ina réiteach íocaíochta don uile ócáid, lena úsáid am ar bith agus áit ar bith sa limistéar euro – díreach cosúil le hairgead tirim, ach réidh don ré dhigiteach. Is modh íocaíochta digiteach a nglacfaí leis go huilíoch a bheadh ann a d’fhéadfadh tomhaltóirí a úsáid saor in aisce i siopaí, ar líne nó ó dhuine go duine. Thabharfadh sé an rogha do dhaoine íoc go digiteach, agus úsáid á baint fós as modh íocaíochta poiblí. Agus bheadh sé ar fáil ar líne agus as líne araon.
Dhearfaí an euro digiteach ionas go mbeadh an tslándáil agus an príobháideachas is mó is féidir ann, i gcomhréir leis na dianchaighdeáin atá leagtha síos san Aontas Eorpach – an áit leis na dlíthe slándála agus príobháideachais is láidre ar domhan.
Ní dhéanfadh an tEurochóras daoine a shainaithint bunaithe ar a gcuid íocaíochtaí. Thairis sin, ní bheadh ach an t-íocóir agus an t-íocaí ar an eolas faoi shonraí idirbheart pearsanta ó íocaíochtaí sa euro digiteach as líne.
Bheadh an euro digiteach sábháilte agus, mar leas poiblí, ráthófaí leis rochtain do gach tomhaltóir, gan beann ar an áit a bhfuil cónaí orthu nó ar an leibhéal scileanna digiteacha nó airgeadais atá acu. D’fhreastalódh an euro digiteach ar riachtanais daoine faoi mhíchumas agus orthu siúd nach bhfuil rochtain acu ar chuntas bainc, chun a chinntiú nach bhfágfar aon duine sa lár.
Lena chinntiú go mbeadh an euro digiteach inúsáidte agus go mbeadh fáil air ar fud an limistéir euro, tuartar sa Rialachán beartaithe maidir leis an euro digiteach a thíolaic an Coimisiún Eorpach go mbeidh ar aon cheannaí a ghlacann le híocaíochtaí digiteacha glacadh go sainordaitheach leis agus go ndéanfaidh bainc é a dháileadh go sainordaitheach lena gcuid custaiméirí.
C4. An dtiocfadh an euro digiteach in ionad airgead tirim?
Chuirfeadh an euro digiteach le hairgead tirim, ní thiocfadh sé ina áit. D’fheidhmeodh an euro digiteach taobh le hairgead tirim mar fhreagairt ar éileamh atá ag fás ó dhaoine ar mhaith leo a bheith in ann íoc go digiteach, ar bhealach atá tapa agus slán. Bheadh airgead tirim fós ina dhlíthairiscint, agus bheadh sé fós ann in éineacht leis an euro digiteach agus le haon mhodh íocaíochta leictreonach príobháideach atá in úsáid faoi láthair.
Taispeántar le hathdhearadh na nótaí bainc atá á dhéanamh faoi láthair, le gnéithe slándála feabhsaithe, go bhfuil an Banc Ceannais Eorpach tiomanta do thodhchaí an airgid thirim. Is díol sásaimh do BCE Pacáiste Airgeadra Aonair an Choimisiúin Eorpaigh, lena gcaomhnaítear saoirse rogha daoine idir airgead tirim agus euro digiteach agus iad ag íoc le hairgead bainc ceannais.
Tuilleadh eolais faoi straitéis airgid thirim an Eurochórais agus próiseas athdeartha na nótaí bainc ar leathanach nótaí bainc amach seo ar shuíomh gréasáin BCE.
C5. Cén luach a chuirfeadh an euro digiteach ar fáil do cheannaithe?
Bheadh an euro digiteach ina réiteach uile-Eorpach, rud a chuirfeadh ar chumas ceannaithe a dtáirgí agus seirbhísí a mhargú do chustaiméirí ar fud na hEorpa le heispéireas íocaíochta atá réidh agus comhsheasmhach. Laghdódh sé an spleáchas ar réitigh íocaíochta neamh-Eorpacha trí rogha mhalartach Eorpach a thairiscint, rud a chuirfeadh ar chumas ceannaithe coinníollacha a chaibidliú le soláthraithe réitigh íocaíochta, rud a laghdódh a gcostais féin.
Agus an euro digiteach á fhorbairt, tá an Banc Ceannais Eorpach ag obair go dlúth le ceannaithe agus a n-ionadaithe. Cuirtear san áireamh i ndearadh an euro dhigitigh an méid a mheasann ceannaithe a bheith tábhachtach, amhail comhtháthú gan uaim leis na córais seiceála amach atá ann cheana, éascaíocht úsáide agus athléimneacht íocaíochta. Chuirfeadh an euro digiteach ar chumas na gceannaithe íocaíochtaí a fháil láithreach gan costais bhreise, fiú gan nasc idirlín.
Foghlaim tuilleadh faoinár rannpháirtíocht le ceannaithe sa tuarascáil oiriúint an euro dhigitigh don éiceachóras íocaíochta agus inárdtaighde ar úsáideoirí le ceannaithe beaga.
C6. Cén luach a chuirfeadh an euro digiteach ar fáil do sholáthraithe seirbhísí íocaíochta?
Bheadh ról lárnach ag soláthraithe seirbhíse íocaíochta (PSPanna) faoi mhaoirseacht, amhail bainc, maidir leis an euro digiteach a dháileadh. Ghníomhóidís mar phríomhphointe teagmhála do dhaoine aonair, do cheannaithe agus do ghnólachtaí maidir le gach saincheist dhigiteach a bhaineann leis an euro agus dhéanfaidís gach seirbhís úsáideora deiridh.
Leis an tsamhail chúitimh atá sa Rialachán maidir le bunú an euro dhigitigh, mar a mholann an Coimisiún Eorpach, déanfar na bainc a chúiteamh go leordhótanach as na seirbhísí a chuirfidh siad ar fáil. Ní ghearrfaidh an tEurochóras táille scéime ná próiseála, rud a laghdóidh na costais fhoriomlána le haghaidh na bainc agus an córas ina iomláine.
D’fhéadfadh PSPanna leas a bhaint as bonneagar íocaíochta a chuireann an euro digiteach ar fáil chun seirbhísí breisluacha a chruthú, rud a chuirfeadh borradh faoin nuálaíocht i réimse na n-íocaíochta tráchtála ar fud an limistéir euro.
Léirigh ardán nuálaíochta BCE seirbhísí nuálaíochta a d’fhéadfadh an margadh a fhorbairt (amhail íocaíochtaí coinníollacha). Chuirfeadh sin samhlacha gnó, sruthanna ioncaim agus deiseanna nua do PSPanna ar fáil.
Leanfaidh BCE de bheith ag comhoibriú leis an margadh chun leas iomlán a bhaint as acmhainneacht nuálach an euro dhigitigh agus iniúchadh a dhéanamh ar an gcaoi ar féidir leis an euro digiteach nuálaíocht sa limistéar euro a chothú.
Foghlaim tuilleadh faoinár rannpháirtíocht le PSPanna sa tuarascáil oiriúint an euro dhigitigh don éiceachóras íocaíochta.
C7. Conas a d’oibreodh an euro digiteach?
Chuirfeadh an euro digiteach ar chumas daoine íocaíochtaí sábháilte meandaracha a dhéanamh i siopaí fisiciúla agus ar líne agus idir daoine aonair, beag beann ar an tír ina bhfuil siad sa limistéar euro nó ar an soláthraí seirbhíse íocaíochta a bhfuil cuntas acu leis.
Chuirfeadh an euro digiteach feidhmiúlachtaí ar líne agus as líne araon ar fáil, rud a d’fhágfadh go bhféadfá é a úsáid fiú agus droch-chomhartha gréasáin agat, nó nuair nach bhfuil comhartha gréasáin ar bith agat.
Chun an euro digiteach a úsáid, bheadh ar dhuine cuntas euro dhigitigh a chruthú trína mbanc féin nó soláthraí seirbhíse íocaíochta AE. Nuair a bheidh an cuntas socraithe suas, bheadh úsáideoirí in ann íocaíochtaí a dhéanamh láithreach, mar shampla íocaíocht a dhéanamh lena nguthán ag críochfort íocaíochta sna siopaí nó an euro digiteach a roghnú mar rogha íocaíochta ag seiceáil amach ar líne agus an íocaíocht a údarú lena aip baincéireachta.
Chun íocaíochtaí a dhéanamh leis an bhfeidhm as líne bheadh ar úsáideoirí airgead a chur ina gcuntas euro dhigitigh as líne cheana, ansin bheadh orthu a nguthán a nascadh le guthán duine eile nó ag críochfort i siopa,
Bheadh íocaíochtaí digiteacha euro sábháilte agus láithreach i gcónaí – bíodh siad le déanamh i siopaí fisiceacha, i siopaí ar líne nó idir daoine.
Tuilleadh eolais faoin gcaoi a n-oibreodh an euro digiteach.
C8. Cé a bheadh in ann an euro digiteach a úsáid?
Mar a luaitear sa Rialachán beartaithe maidir leis an euro digiteach a thíolaic an Coimisiún Eorpach, chuirfí an euro digiteach ar fáil do dhaoine, do ghnólachtaí agus d’eintitis phoiblí a bhfuil cónaí orthu nó atá bunaithe i mBallstát sa limistéar euro ar bhonn sealadach nó ar bhonn buan.
D’fhéadfadh sé go mbeadh rochtain ag daoine a thaistealaíonn chuig an limistéar euro chun críocha pearsanta nó gairmiúla, ar an euro digiteach freisin.
Thairis sin, féadfaidh daoine, gnólachtaí agus eintitis phoiblí atá ina gcónaí nó bunaithe lasmuigh den limistéar euro rochtain a fháil ar an euro digiteach trí chuntais euro dhigitigh a oscailt le soláthraithe seirbhísí íocaíochta atá bunaithe nó ag feidhmiú i dtír atá ina Ballstát den Limistéar Eorpach Eacnamaíoch nó i dtríú tír, faoi réir comhaontú arna thabhairt i gcrích roimh ré idir an tAontas agus tríú tír lena mbaineann, agus/nó socruithe arna dtabhairt i gcrích idir an Banc Ceannais Eorpach agus an banc ceannais náisiúnta i mBallstáit nach bhfuil sa limistéar euro nó i dtríú tír.
C9. Cé chomh príobháideach is a bheadh an euro digiteach?
Tá an príobháideachas ar cheann de na gnéithe is tábhachtaí de dhearadh an euro dhigitigh agus tá sé i gcroílár na bhfeidhmiúlachtaí ar líne agus as líne.
- Tá an euro digiteach ceaptha le bheith in ann feidhmiú as líne ar bhealach a thabharfadh leibhéal príobháideachais atá cosúil le hairgead tirim d’úsáideoirí, chun airgead a sheoladh chuig daoine eile agus chun íocaíochtaí a dhéanamh i siopaí. Agus iad ag íoc as líne, ní bheadh sonraí idirbhirt phearsanta na n-íocaíochtaí a rinneadh ar eolas ach ag an íocóir agus ag an íocaí. Dhéanfadh an soláthraí seirbhíse íocaíochta dáileacháin (PSP) seiceálacha frithsciúrtha airgid le linn an phróisis cistithe agus díchistithe, díreach mar is amhlaidh i gcás aistarraingtí agus taiscí airgid thirim sa lá atá inniu ann.
- I gcás na n-idirbheart ar líne, ní dhéanfadh an tEurochóras úsáideoirí ag déanamh nó ag fáil íocaíochtaí a shainaithint, agus ar an gcaoi sin a sonraí pearsanta a chosaint, ach bheadh PSPanna in ann úsáideoirí a shainaithint chun críche na rialacha in aghaidh an sciúrtha airgid a chomhlíonadh.
Dá bhrí sin, ní bheadh an tEurochóras in ann idirbhearta sa euro digiteach a nascadh go díreach le daoine aonair sonracha, bíodh sin ar líne nó as líne.
Rialófaí an euro digiteach le rialacháin de chuid an Aontais atá ceaptha chun cothromaíocht a bhaint amach idir an príobháideachas agus an tslándáil. Leis an gcur chuige sin, coinnítear cosaintí láidre ar ghníomhaíochtaí aindleathacha agus, ag an am céanna, cosnaítear príobháideachas an duine aonair.
Foghlaim tuilleadh faoin euro digiteach agus príobháideachas.
C10. Conas a chinnteodh an Banc Ceannais Eorpach go mbeadh an euro digiteach ionchuimsitheach agus inrochtana?
Rud maith a bheadh san euro digiteach don phobal, mar atá i nótaí bainc agus boinn airgid sa lá atá inniu ann, ach i bhfoirm dhigiteach. Dhéanfaí euro digiteach a leagan amach ar bhealach ina mbeadh sé in ann freastal ar riachtanais gach duine, gan aon duine a fhágáil ar lár.
Tá BCE ag dearadh an euro dhigitigh agus aip an euro dhigitigh agus an cuimsiú mar threoirphrionsabal chun a chinntiú go mbeidh rochtain ag muintir na hEorpa ar íocaíochtaí digiteacha, beag beann ar a riachtanais, a gcumas agus leibhéal muiníne digiteacha atá acu.
Mar sin, áiritheofar in aip an euro dhigitigh gnéithe inrochtaineachta den chéad scoth, a théann thar na ceanglais san Ionstraim Eorpach um Inrochtaineacht.
Cuirtear sa dearadh an leibhéal is airde de cheanglais inrochtaineachta i bhfeidhm faoi na Treoirlínte maidir le hInrochtaineacht Ábhair ar an nGréasán. I measc gnéithe eile, beidh dearadh amhairc feabhsaithe ag an aip, mar aon le loingseoireacht mhéarchláir iomlán, tacaíocht léitheora scáileáin, teanga shimplithe agus cosc ar earráid).
Tá an aip á forbairt faoi láthair agus déanfar tástáil uirthi le linn threoirthionscadal an euro dhigitigh atá le seoladh sa dara leath de 2027. Ag an am céanna, déanfar tuilleadh tástáil ar cheanglais na haipe trí thástáil inúsáidteachta agus inrochtaineachta le comhaltaí ONCE Foundation agus foireann BCE agus 19 mbanc ceannais náisiúnta chun eispéireas úsáideora comhsheasmhach agus ionchuimsitheach ar fud an limistéir euro a áirithiú.
I gcomhréir le Rialachán an euro dhigitigh atá beartaithe, bheadh aip an euro dhigitigh ar cheann de na bealaí atá ag daoine rochtain a fháil ar sheirbhísí bunúsacha an euro dhigitigh. D’fhéadfadh úsáideoirí rochtain a fháil ar an euro digiteach trí chainéil a chuirfear a mbanc nó soláthraithe seirbhísí íocaíochta ar fáil, agus bheadh siad fós ina bpríomhphointe teagmhála do thomhaltóirí.
Bheadh rochtain saor in aisce do sheirbhísí bunúsacha an euro dhigitigh ar fáil do dhaoine gan chuntas bainc freisin, rud a chuideodh le heisiamh airgeadais agus digiteach a laghdú. Le taighde úsáideora agus rannpháirtíocht le heagraíochtaí tomhaltóirí, leagadh béim ar an tábhacht atá ag inrochtaineacht, dearadh iomasach agus tacaíocht i bpearsa a bheith ar fáil, agus tá an tEurochóras tiomanta iad ar fad a sholáthar.
C11. Conas a chinnteodh an Banc Ceannais Eorpach go n-oibreodh íocaíochtaí sa euro digiteach ar an mbealach céanna ar fud an limistéir euro?
Bheadh soláthraithe seirbhíse íocaíochta (PSPanna) faoi mhaoirseacht, amhail bainc sa limistéar euro, freagrach as an euro digiteach a dháileadh. Chun a áirithiú go gcuirtear scéim an euro dhigitigh chun feidhme ar an mbealach céanna ar fud an limistéir euro ar fad, tá leabhar rialacha scéim an euro dhigitigh á forbairt ag an Eurochóras i bpróiseas comhoibríoch agus atriallach le rannpháirtithe sa mhargadh. Leis an leabhar rialacha, bhunófar tacar aonair rialacha, caighdeán agus nósanna imeachta chun bunseirbhísí comhsheasmhacha sa euro digiteach a áirithiú. Tá sé mar aidhm leis a áirithiú go gcuirfeadh PSPanna atá rannpháirteach i scéim an euro dhigitigh seirbhísí euro dhigitigh bunúsacha ar fáil agus eispéireas aonfhoirmeach ar fáil d’úsáideoirí gan beann ar an mBallstát ina bhfuil siad nó ar an PSP lena mbaineann – mar is amhlaidh i gcás airgead tirim sa lá atá inniu ann.
C12. An airgeadra malartach a bheadh san euro digiteach laistigh den Eurochóras?
Ní hea. Díreach sa chaoi nach airgeadraí malartacha iad nótaí bainc agus boinn, ach foirmeacha éagsúla den airgeadra céanna, ní bheadh sa euro digiteach ach bealach eile le híoc in euro. D’fhreastalódh an euro digiteach ar an éileamh atá ag daoine agus ag gnólachtaí ar rogha chun íocaíochtaí a dhéanamh go digiteach.
Faigh tuilleadh eolais faoi roghanna íocaíochta na ndaoine sa staidéar ar an dearcadh i leith íocaíochta atá ag tomhaltóirí sa limistéar euro (SPACE).
C13. Cén nasc a bheadh idir íocaíochtaí láithreacha agus an euro digiteach?
Sa lá atá inniu ann, nuair a dhéanann tomhaltóirí íocaíochtaí gan airgead tirim i siopaí, ní fhaigheann na ceannaithe a gcuid airgid láithreach. D’athródh an euro digiteach é sin – dhéanfaí gach íocaíocht sa euro digiteach ar an toirt.
Leis an tacar aonair rialacha, caighdeán agus nósanna imeachta atá á fhorbairt don euro digiteach, d’fhágfadh sé go bhféadfaí réitigh íocaíochta meandaracha a fhorbairt tuilleadh chun go mbeadh rochtain ag tíortha uile an limistéir euro orthu. Laghdódh sé sin spleáchas na hEorpa ar an líon beag cuideachtaí príobháideacha neamh-Eorpacha atá i gceannas ar earnáil na n-íocaíochtaí faoi láthair.
C14. Conas a d’oibreodh ailtireacht theicniúil an euro dhigitigh, agus an mbeadh sé bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte amhail blocshlabhra?
D’oibreodh an euro digiteach ar ardán socraíochta láraithe agus dhéanfadh an tEurochóras na socraíochtaí agus na sealúchais uile a phróiseáil agus a fhíorú. Mar dhliteanais dhíreacha an Eurochórais, tá sé tábhachtach go mbeadh an euro digiteach i gcuntais daoine sábháilte chun muinín a choinneáil ar bun, san euro agus san Eurochóras araon.
Níl an euro digiteach bunaithe ar theicneolaíocht mórleabhar dáilte (DLT), ach baineann sé úsáid as príomhphrionsabail dearaidh ó DLT chun chur leis an athléimneacht agus leis an éifeachtúlacht agus chun feidhmíocht agus iontaofacht fhoriomlán an chórais a fheabhsú.
Bheadh ailtireacht theicniúil athléimneach an euro dhigitigh bunaithe ar chaighdeáin sheanbhunaithe. Le leagan amach ilréigiúin ina bhfuil freastalaithe iomadúla ag gach réigiún, a théann i bhfad níos faide ná samhlacha caighdeánacha iomarcaíochta, áiritheofar leanúnachas seirbhíse i ngach cás.
C15. Cén staid ag a bhfuil tionscadal an euro dhigitigh faoi láthair?
Tá tionscadal an euro dhigitigh ag gluaiseacht chun cinn. Sa chéim ullmhúcháin, a seoladh i mí na Samhna 2023 agus a tugadh chun críche i mí Dheireadh Fómhair 2025, cuireadh chun cinn forbairt theicniúil agus foghlaim trí thástáil. Chuir an obair seo leis na roghanna dearaidh agus na ceanglais theicniúla a sainíodh le linn chéim an imscrúdaithe (2021-2023).
Tar éis na gcéimeanna imscrúdaithe agus ullmhúcháin, tá tuilleadh dul chun cinn á dhéanamh ag an Eurochóras anois maidir le hobair theicniúil, tá rannpháirtíocht sa mhargadh á doimhniú agus táthar ag leanúint de thacaíocht a thabhairt don phróiseas reachtach. Tá sé mar aidhm againn a bheith réidh don chéad eisiúint fhéideartha den euro digiteach le linn 2029, ag glacadh leis go nglacfar an rialachán is gá maidir le bunú an euro dhigitigh faoi dheireadh 2026.
C16. Céard é scéim phíolótach an euro dhigitigh?
Is é atá i scéim phíolótach an euro dhigitigh gníomh arna eagrú ag an Eurochóras chun measúnú a dhéanamh ar an gcaoi a bhféadfadh an euro digiteach feidhmiú sa chleachtas. Úsáidfidh rannpháirtithe leagan béite den euro digiteach i gcásanna ón saol mar atá chun a fheidhmiúlachtaí teicniúla, próisis oibríochtúla agus eispéireas úsáideoirí a bhailíochtú. Tá sé beartaithe go dtosófar leis an scéim phíolótach sa dara leath de 2027 agus go mbeidh sé ar siúl ar feadh 12 mhí.
Le linn na scéime píolótaí, déanfaidh baill foirne ó bhainc cheannais rannpháirteacha an Eurochórais gnáth-íocaíochtaí trí úsáid a bhaint as an euro digiteach béite. Mar shampla, beidh siad in ann airgead a sheoladh chuig a chéile (ar líne agus as líne araon) agus ceannaithe áirithe a íoc, mar shampla caifitéirí, bialanna agus siopaí ar líne atá nasctha le BCE agus le bainc cheannais náisiúnta. Ní úsáidfear an euro digiteach béite ach don scéim phíolótach amháin agus tá sé beartaithe go bhfeidhmeoidh sé ar bhealach atá comhchosúil leis an mbealach a bhfeidhmeodh euro digiteach féideartha amach anseo.
Roghnóidh an tEurochóras 36 sholáthraí seirbhíse íocaíochta rannpháirteach, ar nós banc agus soláthraithe seirbhísí neamhbhainc, agus soláthróidh siad na seirbhísí is gá chun tacú leis na híocaíochtaí sin.
Beidh an méid a fhoghlaimeoimid ón scéim phíolótach ina thacaíocht d’obair ullmhúcháin leanúnach an Eurochórais agus beidh sé ina chuidiú mar bhonn eolais faoi chinntí maidir leis an euro digiteach amach anseo lena chinntiú, i gcás go dtabharfaí isteach an euro digiteach, go mbeidh sé lánfheistithe chun freastal ar riachtanais shaoránaigh uile na hEorpa.
Foghlaim tuilleadh faoi scéim phíolótach an euro dhigitigh.
C17. Cé atá páirteach i dtionscadal an euro dhigitigh?
Is é is aidhm ag an Eurochóras – an Banc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta an limistéir euro – a chinntiú go bhfreastalóidh an euro digiteach ar riachtanais na n-úsáideoirí. Ar an gcúis sin, téann an tEurochóras i dteagmháil go rialta le lucht ceaptha beartas, reachtóirí, rannpháirtithe sa mhargadh, eagraíochtaí sochaí sibhialta agus daoine den phobal, arbh iad úsáideoirí deiridh an euro dhigitigh.
Tarlaíonn an rannpháirtíocht sin i gcomhthéacsanna éagsúla, amhail an Bord Eorpach um Íocaíochtaí Miondíola, lena dtugtar le chéile páirtithe leasmhara ó gach cuid de mhargadh íocaíochtaí miondíola na hEorpa, agus Grúpa Forbartha na Leabhar Rialacha, ina bhfuil gairmithe sinsearacha ón earnáil phoiblí agus ón earnáil phríobháideach a bhfuil taithí acu ar airgeadas agus ar íocaíochtaí (féach R18).
Bíonn an Banc Ceannais Eorpach i dteagmháil go rialta freisin leo a leanas:
- cuideachtaí príobháideacha, a sholáthraíonn aiseolas maidir le gnéithe teicniúla an euro dhigitigh bunaithe ar a n-eolas margaidh agus ar a dtástáil ar ardán nuálaíochta an euro dhigitigh;
- Eagraíochtaí sochaí sibhialta san Eoraip trí sheimineáir, chun éisteacht lena dtuairimí agus chun idirphlé oscailte a chothú;
- úsáideoirí deiridh ionchasacha trí shuirbhéanna, agallaimh agus fócasghrúpaí, chun a riachtanais agus a roghanna a thuiscint.
Glacann BCE páirt go rialta i gcruinnithe an Ghrúpa Euro le hairí airgeadais thíortha an limistéir euro agus cuireann sé nuashonruithe rialta maidir leis an tionscadal digiteach euro ar fáil don Choiste um Ghnóthaí Eacnamaíochta agus Airgeadaíochta i bParlaimint na hEorpa.
Léigh tuilleadh faoi rialachas tionscadail agus faoi rannpháirtíocht páirtithe leasmhara.
C18. Conas a bhíonn reachtóirí Eorpacha rannpháirteach sa phróiseas?
An 28 Meitheamh 2023, thíolaic an Coimisiún Eorpach an Pacáiste Airgeadra Aonair ina leagtar amach tograí chun tacú le húsáid airgid thirim agus chun creat a bhunú le haghaidh euro digiteach féideartha. Is díol sásaimh do BCE go bhfuil togra chun ról an airgid thirim a neartú ag gabháil leis an togra maidir leis an euro digiteach, ós rud é gur dlíthairiscint agus cineálacha airgid bainc ceannais a bheadh iontu araon. Is é is cuspóir don Rialachán beartaithe maidir leis an euro digiteach a chinntiú go dtabharfadh aon euro digiteach a bheidh ann amach anseo an rogha do dhaoine agus do ghnólachtaí íoc go digiteach trí úsáid a bhaint as cineál airgid poiblí a bhfuil glacadh fairsing leis agus atá saor, slán agus athléimneach áit ar bith sa limistéar euro.
Cuireann an Banc Ceannais Eorpach tacaíocht agus ionchur teicniúil ar fáil le linn an phróisis reachtaigh, de réir mar is gá. Breithneoidh an tEurochóras aon choigeartuithe a theastaíonn ar dhearadh an euro dhigitigh a thiocfaidh as plé reachtach.
Tar éis ghlacadh sheasamh Chomhairle an Aontais Eorpaigh maidir leis an dréachtreachtaíocht ar an 19 Nollaig 2025 agus seasamh Phairlimint na hEorpa maidir leis an bPacáiste Airgeadra Aonair ar an 9 Iúil 2026, cuireadh tús le caibidlíocht thríthaobhach idir an tAontas Eorpach, Parlaimint na hEorpa agus Comhairle an Aontais Eorpaigh.
Tar éis a iarraidh ag ceannairí an Aontais dlús a chur leis na céimeanna ullmhúcháin, measann an tEurochóras go dtabharfar an chaibidlíocht thríthaobhach i gcrích go tráthúil agus go nglacfar leis an reachtaíocht faoi dheireadh 2026.
Ní dhéanfaidh Comhairle Rialaithe an BCE cinneadh maidir leis an euro digiteach a eisiúint nó gan é a eisiúint go dtí go nglacfar leis an Rialachán maidir leis an euro digiteach a bhunú.
C19. Cén chaoi a bhfuil leabhar rialacha scéim an euro dhigitigh á fhorbairt?
Tá an tEurochóras ag forbairt an dréacht-leabhair rialacha i ndlúthchomhar le hionadaithe ón margadh íocaíochtaí miondíola Eorpach trí Ghrúpa Forbartha an Leabhair Rialacha (RDG).
Tá an RDG, atá comhdhéanta d’ionadaithe sinsearacha ó chomhlachais Eorpacha a dhéanann ionadaíocht ar thaobhanna an tsoláthair agus an éilimh araon den mhargadh íocaíochtaí miondíola Eorpach, ag obair ar bhonn roghanna dearaidh an euro dhigitigh a d’fhormheas Comhairle Rialaithe an Bhainc Ceannais Eorpaigh cheana féin.
Cruthaíodh sruthanna oibre tiomnaithe laistigh de Ghrúpa Forbartha an Leabhair Rialacha chun díriú ar chodanna den leabhar rialacha a dteastaíonn saineolas ar leith ina leith.
I mí Meithimh 2025, cuireadh dréacht de leabhar rialacha scéim an euro dhigitigh chuig RDG le haghaidh comhairliúchán margaidh, a bhí ar oscailt go dtí dheireadh mhí Dheireadh Fómhair 2025. Ó mí Lúnasa 2025 go mí Aibreáin 2026 rinne an tEurochóras measúnú ar an aiseolas a fuarthas, shainaithin sé gníomhaíochtaí leantacha agus rinne sé leasú ar an dréacht-leabhar rialacha. D’fhoilsigh sé dréacht-leabhar eatramach nua go dtí an margadh i mí Iúil 2026.
Beidh an dréacht-leabhar rialacha in ann aon choigeartuithe a thiocfaidh as an bplé idir comhreachtóirí Rialachán an Euro Dhigitigh, arna mholadh ag an gCoimisiúin Eorpach i mí an Mheithimh 2023. Cuirfear an chéad leagan deiridh de leabhar rialach scéim an euro dhigitigh i gcrích tar éis ghlacadh Rialachán an Euro Dhigitigh.
Tuilleadh eolais faoi leabhar rialacha scéim an euro dhigitigh.
C20. An mbeadh an euro digiteach ina airgead in-ríomhchláraithe?
Is foirm dhigiteach airgid é airgead in-ríomhchláraithe a úsáidtear chun críche réamhshainithe, cosúil le dearbhán, le teorainneacha ar na háiteanna ar féidir é a úsáid, ar na huaireanta ar féidir é a úsáid agus ar na daoine ar féidir é a úsáid leo.
Mar a shamhlaítear freisin saRialachán beartaithe maidir leis an euro digiteach ón gCoimisiún Eorpach, ní bheadh an euro digiteach ina airgead in-ríomhchláraithe go deo, ach d’fhéadfaííocaíochtaí coinníollacha a éascú leis, (mar shampla, sa chás go gceannódh custaiméir rud éigin ar líne agus go roghnódh sé chun íoc as tráth a sheachadta).
C21. An mbeadh ar dhaoine táille a íoc chun an euro digiteach a úsáid?
Mar earra poiblí, bheadh an euro digiteach saor in aisce le haghaidh úsáid bhunúsach ag úsáideoirí aonair.
D’fhéadfadh bainc nó soláthraithe íocaíochta seirbhísí breise íoctha euro dhigitigh a thairiscint dá gcustaiméirí. Le seirbhísí breisluacha den sórt sin, d’fhéadfaí an euro digiteach a dhéanamh níos tarraingtí fós d’úsáideoirí, chun íocaíochtaí coinníollacha a dhéanamh, mar shampla. D’fhéadfadh sé go ligfeadh siad sin do chustaiméirí siopadóireacht a dhéanamh ar líne ar bhealach níos sábháilte, toisc nach n-aistreofaí airgead go dtí go ndeimhneofaí seachadadh an táirge, rud a laghdódh an baol go ndéanfaí calaois agus a dhéanfadh an próiseas aisíoca níos simplí.
C22. Conas a bhaineann tionscnaimh íocaíochta uile-Eorpacha eile leis an euro digiteach?
Fáiltíonn BCE roimh thionscnaimh margaidh Eorpacha eile a théann níos faide ná margaí náisiúnta.
Leis an euro digiteach, ba cheart go gcuirfí ar chumas scéimeanna náisiúnta agus réigiúnacha uas-scálú a dhéanamh ar fud cásanna úsáide éagsúla agus thar theorainneacha, lena n-éascófaí glacadh níos éasca, níos leithne agus níos éifeachtaí le réitigh earnála príobháidí Eorpacha a bhuí le húsáid caighdeán comhchuibhithe. D’fhéadfadh na deiseanna seo dul chun tairbhe do sholáthraithe seirbhíse íocaíochta, trí chlúdach geografach méadaithe agus cásanna úsáide nár freastalaíodh orthu roimhe sin, go príomha.
Leis an dearadh seo, samhlaítear go bhféadfaí réitigh phríobháideacha a chomhtháthú trí comhlipéadú a dhéanamh ar chártaí fisiciúla agus tiachóga leictreonacha atá ann cheana, cuir i gcás. Chuirfeadh sin ar chumas na mbanc agus soláthraithe seirbhísí íocaíochta feidhmiúlacht íocaíochta an euro dhigitigh a chur ar fáil trí chainéil agus comhéadan atá ar eolas ag tomhaltóirí cheana. Ag an am céanna, bheadh soláthraithe fós in ann idirdhealú a dhéanamh idir iad féin trí sheirbhísí breisluacha agus nuálaíochtaí atá dírithe ar chustaiméirí. Sa dá chás, is é a bheadh san euro digiteach ná an ‘cúltaca’ lena gcumasófaí clúdach uile-Eorpach fad a choinneofaí rochtain margaidh do scéimeanna náisiúnta nó réigiúnacha áit a nglactar leo.
C23. An gcúiteofaí soláthraithe seirbhíse íocaíochta (PSPanna) as an euro digiteach a dháileadh?
Tacaíonn an tEurochóras le samhail chúitimh lena gcruthófaí dreasachtaí córa eacnamaíocha do na páirtithe uile a bhainfeadh le héiceachóras an euro dhigitigh. I gcás banc agus PSPanna eile, tugtar aghaidh ar na costais oibriúcháin a bhaineann leis an euro digiteach a dháileadh leis an samhail chúitimh.
Faoi mar atá faoi láthair i gcás córais íocaíochta eile, bheadh PSPanna a dháilfeadh an euro digiteach in ann muirear a ghearradh ar cheannaithe as na seirbhísí sin. Beidh uasteorainn i gceist maidir le socrú praghsanna do cheannaithe agus do PSPanna, mar a mhol an Coimisiún Eorpach ina Rialachán maidir leis an euro digiteach.
Mar is ionann i gcás nótaí bainc a tháirgeadh agus a eisiúint, d’íocfadh an tEurochóras na costais a bhaineann le scéim agus bonneagar an euro dhigitigh a bhunú. Thairis sin, bheadh sé d’aidhm ag an Eurochóras costais infheistíochta bhreise do PSPanna a íoslaghdú trí bhonneagair atá ann cheana a athúsáid a mhéid is féidir.
C24. An mbeadh an euro digiteach ina bhagairt ar an gcobhsaíocht airgeadais trí dhí-idirghabháil a dhéanamh ar bhainc?
Feidhmíonn ár gcóras airgeadais – agus an córas baincéireachta ina chroílár – go maith, agus is mian leis an Eurochóras ról lárnach na mbanc a chaomhnú chun soláthar éifeachtach creidmheasa don gheilleagar a chinntiú.
Tá na roghanna dearaidh seo a leanas déanta ag an mBanc Ceannais Eorpach chun aon rioscaí a d’fhéadfadh a bheith ag baint leis an euro digiteach don chóras airgeadais a íoslaghdú.
- Ní bheadh úsáideoirí in ann ach méid teoranta euro dhigitigh a bheith ina dtiachóg euro dhigitigh acu. Leis sin, chuirfí cosc ar eis-sreafaí iomarcacha taiscí bainc agus bheadh sé ina chúnamh chun cobhsaíocht chóras airgeadais an Aontais a choinneáil ar bun, fiú in am an ghátair.
- Dá ndéanfaí a gcuntas euro dhigitigh a nascadh le cuntas bainc, bheadh úsáideoirí in ann íocaíochtaí a dhéanamh nó a fháil thar an teorainn sealúchais agus aon easnamh a chumhdach láithreach, gan iallach a bheith orthu a gcuntas euro dhigitigh a réamh-mhaoiniú (ag glacadh leis go mbeadh dóthain airgid ar fáil sa chuntas nasctha).
- Mar is amhlaidh le hairgead tirim i do thiacóg, ní íocfaí aon ús ar shealúchais euro dhigitigh i do chuntas euro dhigitigh.
D’ullmhaigh BCEanailís theicniúil chun éifeachtaí féideartha teorainneacha sealúchais éagsúla hipitéiseacha a mheas, tar éis iarraidh a tháinig chun cinn le linn caibidlíocht reachtach. Deimhníodh leis an anailís seo nach ndéanfaí dochar do chobhsaíocht airgeadais tríd an euro digiteach a úsáid le haghaidh íocaíochtaí laethúla agus nach ndéanfaí dochar do chobhsaíocht airgeadais laistigh den limistéar euro le tionchar an euro dhigitigh – i bhfianaise na teorainneacha sealúchais éagsúla hipitéiseacha suas go €3,000 in aghaidh an duine ar iarr na comhreachtóirí go ndéanfaí tástáil orthu – fiú i gcás géarchéime a bheadh fíorchoimeádach agus ar beag seans go dtarlódh sé.
C25. An ndéanfadh tabhairt isteach an euro dhigitigh íocaíochtaí san Eoraip níos leochailí i dtaobh cibirionsaithe?
Mar is amhlaidh le bonneagair dhigiteacha eile, d’fhéadfadh sé go mbeadh an euro digiteach ina sprioc le haghaidh cibirionsaithe. Chun an riosca sin a mhaolú, bhainfeadh dearadh an euro dhigitigh úsáid as teicneolaíochtaí úrscothacha chun timpeallacht chibear-athléimneach a sheasfadh an aimsir a chruthú. I ndearadh na rialuithe cibearshlándála, tá BCE ag baint úsáid as cleachtais chruthaithe an Eurochórais ó bhonneagair mhargaidh eile agus tástáil rialta phleanáilte i gcoinne ionsaithe ionsamhlaithe.
Q26. Cén chaoi a mbeadh an euro digiteach éagsúil le cripteamhona cobhsaí agus le criptea-shócmhainní?
Bheadh an euro digiteach ina airgead bainc cheannais, arna eisiúint agus arna ráthú ag an Eurochóras, atá comhdhéanta den Bhanc Ceannais Eorpach agus bainc cheannais náisiúnta an limistéar euro. Amhail nótaí bainc agus boinn euro, bheadh sé ina dhlíthairiscint, rud a chiallaíonn go mbeadh gach duine in ann é a úsáid le haghaidh íocaíochtaí. Mar airgead bainc cheannais agus mar earra poiblí, bheadh sé seasmhach agus iontaofa – bheadh tú in ann muinín a bheith agat i gcónaí go bhfuil luach euro amháin ar euro digiteach amháin.
Is iad cuideachtaí príobháideacha a chruthaíonn cripteamhona cobhsaí. Ní ráthaíonn banc ceannais ná údarás poiblí iad. Braitheann a luach ar chomh maith a bhainistíonn an chuideachta a cúlchistí agus a cúrsaí airgeadais, agus d’fhéadfadh sé go mbeadh tionchar ag tosca nach bhfuil smacht aici orthu air sin. Ciallaíonn sé sin nach bhfuil a gcobhsaíocht chomh cinnte is atá cobhsaíocht an euro.
Is scéal eile arís iad cripteashócmhainní ar nós Bitcoin agus Ether. Ní thacaíonn aon institiúid leo agus níl aon bhunluach acu. Is féidir ardú agus ísliú tobann teacht ar phraghsanna na gcripteashócmhainní, agus níl aon eagraíocht ann a mbíonn freagracht orthu sa chás go gcailleann siad a luach.
Féach an míniúchán atá againn ‘Céard is Bitcoin ann?’.
Q27. Cé mhéad a chosnódh tionscadal an euro dhigitigh ar an Eurochóras?
Tá sé ríthábhachtach infheistíocht a dhéanamh san euro digiteach chun a chinntiú go mbeidh ár n-airgeadra agus ár n-earnáil íocaíochtaí oiriúnach don fheidhm sa ré dhigiteach.
Dhéanfaí cuid de chomhpháirteanna an euro dhigitigh, amhail socraíocht íocaíochta, a fhorbairt go hinmheánach laistigh den Eurochóras. I gcás comhpháirteanna eile, amhail comhpháirt na seirbhísí as líne, tá creat-chomhaontuithe bunaithe againn le soláthraithe seachtracha. Níl aon íocaíocht i gceist leis na creat-chomhaontuithe agus baineann coimircí leo lena gceadaítear an raon feidhme a choigeartú i gcomhréir le hathruithe ar an reachtaíocht.
Meastar gurb ionann na costais iomlána forbartha, lena gcuimsítear comhpháirteanna arna bhforbairt go seachtrach agus go hinmhéanach araon, agus €1.3 billiún, agus meastar go mbeidh na costais oibriúcháin bhliantúla thart ar €320 milliún in aghaidh na bliana ag an am eisithe. Tá an tEurochóras ag leanúint le hullmhúcháin mar fhreagairt ar éilimh ó cheannairí an limistéir euro le bheith réidh don eisiúint féideartha chomh luath agus is féidir. Níor glacadh an reachtaíocht is gá go fóill, áfach. Mar sin, tá an obair struchtúrtha i modúil chun scálú céimnitheach a chumasú agus teorainn a chur le gealltanais airgeadais.
D'íocfadh an tEurochóras na costais a bhaineann le scéim agus bonneagar an euro dhigitigh a bhunú, mar a dhéanann sé i gcás táirgthe agus eisiúna nótaí bainc euro – atá ina n-earra poiblí, ar nós an euro dhigitigh. Mar atá i gcás nótaí bainc, chlúdófaí na costais sin le ‘hioncam tiarnais’ (an t-ioncam a thuilleann BCE ó airgead a eisiúint) fiú dá mbeadh na sealúchais euro dhigitigh beag i gcomparáid le nótaí bainc i gcúrsaíocht. Tá rún daingean ag an mBanc Ceannais Eorpach costais a choinneáil íseal tríd an mbonneagar atá ann cheana a athúsáid a mhéid is féidir, agus euro digiteach a thugann luach do thomhaltóirí agus do cheannaithe á sholáthar aige ag an am céanna.
I gcomhréir lena nádúr mar earraí poiblí, bheadh an euro digiteach saor in aisce do thomhaltóirí le haghaidh úsáid bhunúsach agus bheadh sé cost-éifeachtúil do cheannaithe Eorpacha. Ní ghearrfadh an tEurochóras aon táille ar idirbhearta euro dhigitigh agus ní bhainfeadh sé aon tairbhe astu.